![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bb/Olivia_de_Havilland_Publicity_Photo_1938.jpg/640px-Olivia_de_Havilland_Publicity_Photo_1938.jpg&w=640&q=50)
Olivia de Havilland
ban-aisteoir Meiriceánach (1916-2020) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba bhan-aisteoir Sasanach-Mheiriceánach í Olivia Mary de Havilland (1 Iúil 1916 - 26 Iúil 2020). Rugadh i dTóiceo, sa tSeapáin í, áit a raibh a athair (ar Shasanach é) ag teagasc in ollscoil. Ar a mbealach ar ais go Sasana shocraigh an teaghlach cur fúthu i gCalifornia, gar do San Francisco, agus is ann a dh'fhás sí aníos. Réalt mór í i Ré Órga Hollywood agus, go deimhin, os rud é go bhfuair sí bás in aois a 104 bliana, ba ise an réalt deireanach ón tréimhse úd. Bhuaigh sí an gradam Aisteoir is Fearr sna gradaim Golden Globe i 1950. Bhí saoránacht Bhriotanach, Mheiriceách agus Fhrancach aice. Fuair de Havilland bás i bPáras na Fraince. Ba Joan Fontaine, aisteoir cáiliúil freisin, a deirfiúr níos óige.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9d/Olivia_de_Havilland_and_James_Cagney_in_The_Irish_in_Us.jpg/640px-Olivia_de_Havilland_and_James_Cagney_in_The_Irish_in_Us.jpg)
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún