Is craoltóir, léiritheoir, fiontraí agus ceannródaí teilifíse í Oprah Gail Winfrey a rugadh ar an 29 Eanáir1954. Tá clú agus cáil bainte amach aici ar fud na cruinne mar gheall ar a clár cainte, 'The Oprah Winfrey Show’. Tá roinnt ainmniúchán EMMY faighte ag an gclár agus ba ea é an clár cainte teilifíse is mó scór féachana riamh.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Anuas air sin, is í an Meiriceánach de shliocht Afracach is saibhre ar domhan. Is í an daonchara Meiriceánach de bhunadh Afracach is flaithiúla ar domhan. Tá daoine áirithe den tuairim gurb í an bhean is mó a bhfuil tionchar aici ar domhan.