From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is oráiste ann, (nó go sonrach, an t-oráiste milis) ná an toradh citris Citrus ×sinensis (syn. Citrus aurantium L. var. dulcis L., nó Citrus aurantium Risso) agus a chuid torthaí.[1] Is hibrid é an t-oráiste de bhunadh saothraithe ársa, b'fhéidir idir pomaló (Citris maxima) agus táinséirín (Citris reticulata). Is crann beag bláthanna é ar a bhfuil duilleoga ubhchruthacha síorghlasa le himill starracha, agus 4-10 cm ar fhad. Bíonn sé tuairim is 10m ar airde. Is hesperidium é toradh an oraiste, sé sin cineál caora.
Citrus ×sinensis | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | oráiste, craiceann oráiste, ola oráiste, orange sweet oil (en) agus adhmad oráiste |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Rutaceae |
Treibh | Citreae |
Géineas | Citrus |
Speiceas | Citrus ×sinensis |
Thionscain an t-oráiste in Oirdheisceart na hÁise. Tugtar an t-oráiste milis ar thoradh an Citris sinensis le hidirdhealú a dhéanamh idir é agus Citris aurantium, an t-oráiste searbh. Meastar gur tháinig an t-ainm ón tSanscrait.[2][3] .
I dteangacha áirithe, tugtar "úll Síneach" air (m.sh. san Ollainnis tugtar Sinaasappel air agus sa Ghearmáinis tugtar Apfelsine air).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.