fealsamh sa tSean-Ghréig From Wikipedia, the free encyclopedia
Deirtear gurb é Platón (Gréigis: Πλάτων) (427 - 347 RCh) athair na fealsúnachta iartharaí. San Aithin a rugadh is a cailleadh é. Tá a saothar go léir againn, an chéad saothar fealsúnach tábhachtach i dtraidisiun na hEorpa. Lean sé Sócraitéas agus Arastotail ina dhiaidh sin. Tá smaointeoireacht Phlatóin ina bunchloch maidir le saothrú eolas agus bhéascna an Iarthair. Bhí acadamh iomráiteach aige a bunaíodh thart ar 385 RC agus é suite díreach lastuaidh den Aithin.
Bhí meas an domhain ag Platón ar Shócraitéas, a daoradh chun báis agus é curtha ina leith go raibh moráltacht óige na hAithne á mhilleadh aige.
Ba é an bhuntuairim a bhí ag Sócraitéas ná nach raibh rud ar bith ar eolas aige agus gur chóir gach rud a iniúchadh dá bharr.
Is í An Phoblacht an saothar is mó de chuid Phlatóin agus í scríofa mar agallamh. Scagann an leabhar cúrsaí fealsúnachta agus polaitíochta agus scríobhadh é timpeall 390 RCh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.