Is éard is pláinéad domhanda, pláinéad teallúrach, nó pláinéad carraigeach ann ná pláinéad atá comhdhéanta go príomha de  charraigeacha sileacáite nó miotail. Laistigh den Ghrianchóras, is iad na pláinéid is gaire don Ghrian, .i. Mearcair, Véineas, an Domhan agus Mars na pláinéid dhomhanda. Tá an téarma "pláinéad teallúrach" díorthaithe ón fhocal Laidine ar an Domhan (Tellus), mar tá na pláinéid seo cosúil leis an Domhan ó thaobh comhdhéanta.

Thumb
Pláinéid dhomhanda an Ghrianchórais: Mearcair, Véineas, an Domhan agus Mars, meánmhéide de réir scála.

Bíonn dromchla soladach ag na pláinéid dhomhanda, rud a fhágann go mbíonn éagsúlachtaí móra idir iad agus na hollphláinéid, atá comhdhéanta den chuid is mó de roinnt meascán de hidrigin, héiliam, agus uisce a bhíonn i staideanna a bhíonn, go fisiciúil, éagsúil óna chéile.

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.