Polagán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa chéimseata, de ghnáth, is éard is polagán ann ná fíor dhéthoiseach a bhíonn cuimsithe le cosán dúnta nó ciorcad, comhdhéanta de sheicheamh críochta de mhírlínte díreacha (is é sin, le slabhra polagánach dúnta). Tugtar 'imill' nó 'taobhanna' ar na codanna seo, agus tugtar 'reanna' nó 'coirnéil' ar na pointí ina gcasann dá imeall le chéile. Is éard is m-gán ann ná polagán le 'm' taobh. Tugtar 'an corp' uaireanta ar taobh istigh de pholagán. Is sampla é an polagán déthoiseach de “pholatóp” gur féidir aon líon d'uimhreacha toisí a bheith aige.
Cineál | fíor phlánach, polatóp simplí, polatóp aonphléacsach agus closed polygonal chain (en) |
---|---|
Grua an pholatóip | taobh () |
Sraith | |
Tuilleadh eolais | |
MathWorld | Polygon |
Má bhíonn n taobh sa pholagón, is ionann suim na n-uillinneacha inmheánacha agus (2n-4) dronuillinn nó (n-2) π. I bpolagón rialta bíonn na taobhanna uile ar comhfhad, agus is ionann na huillinneacha inmhéanacha ag gach stuaic. Is triantán comhshleasach polagón rialta le 3 thaobh. Is cearnóg ceann le 4 thaobh. Tá líon éigríochta figúirí rialta.[1]