Pornagrafaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is pornagrafaíocht ann ná cur síos lom díreach ar an gcomhriachtain nó ar ghníomhartha collaí de chineál éigin eile, nach bhfuil de chuspóir leis ach éirí craicinn a chur ar lucht a fhéachana. Bhí pornagrafaíocht de chineál éigin ann ó thús na staire, ach le déanaí, tá an phornagrafaíocht iompaithe ina tionsclaíocht mhór mhillteanach, de réir mar a d'éirigh na daoine níos caoinfhulangaí i leith na collaíochta poiblí. Bhí an-bhaint ag an bhforbairt seo le teacht na meán nua cumarsáide, cosúil leis na fístaifeadáin, na seinnteoirí dioscaí digiteacha agus an tIdirlíon féin.
Tá sé ina chúis mhór conspóide, an féidir idirdhealú a dhéanamh idir pornagrafaíocht agus ealaín anghrách. Bíonn na daoine idir dhá chomhairle freisin faoi thionchar na pornagrafaíochta ar nósanna craicinn na ndaoine, ar an gcoirpeacht chollaí (an banéigniú ach go háirithe), agus ar sheasamh na mná sa tsochaí. Tá cuid de na feiminithe den bharúil gur "bolscaireacht chogaidh in aghaidh na mban" atá sa phornagrafaíocht, mar shampla. Bíonn lucht eaglaise agus creidimh ag cur catha ar an bpornagrafaíocht freisin, agus iad den tuairim go spreagann sí na daoine chun gníomhartha craicinn a chleachtadh nach bhfuil inghlactha ó thaobh an reiligiúin de. Rud eile fós, is dóigh le cuid mhór acu gur drochrud ann féin í an phornagrafaíocht, de réir an Bhíobla, ó dúirt Íosa: Duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí. (Math 5:28)
Ón taobh eile de, tá go leor daoine barúlach nach féidir cosc a chur ar an bpornagrafaíocht gan dochar a dhéanamh don tsaoirse cainte agus tuairimíochta sa tsochaí. Áitíonn siad freisin go bhfuil na torthaí taighde ag tabhairt le fios nach spreagann an phornagrafaíocht daoine chun banéigniú a dhéanamh, ós iad na tíortha is mó cead cainte na tíortha is lú banéignithe.