From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla ráig foréigin de chuid an UVF (Óglaigh Uladh) ar 2/3 Deireadh Fómhair 1975 i dTuaisceart Éireann. Dúnmharaíodh 13 agus gortaíodh 45.[1]
Dáta na bliana | 2 Deireadh Fómhair 1975 |
---|---|
Suíomh | Béal Feirste, Northern Ireland |
Ar an 10 Feabhra 1975, d'fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic. agus d'atosaigh rialtas na Breataine agus an tIRA ag idirbheartú. D'aontaigh an IRA stop a chur le hionsaithe ar fhórsaí slándála na Breataine, agus chuir na 'fórsaí slándála' deireadh lena gcuid ruathair agus cuardaigh, den chuid is mó.[2]
Chuir na cainteanna seo eagla ar na Dílseoirí. Mar sin chuaigh na dúnmharuithe seicteacha in olcas le linn an tsosa comhraic.[3][4] Mharaigh an UVF 120 Caitliceach le linn na bliana 1975.[5] Bhí éiginnteacht ann sa phobal faoi chúrsaí polaitíochta ar an dá thaobh. Tháinig méadú ar an fhoréigean seicteach; bhí clú go háirithe ar an drong Ghleann Anna.
Dhírigh ainsin roinnt aonad den IRA ar dhul i ngleic leis na dílseoirí. An laghdú ar oibríochtaí sceimhlitheoireachta laistigh den IRA ba chúis le roinnt ball, le cead nó gan cead leo siúd a bhí os a gcionn, dul i mbun ionsaithe marfacha buille ar bhuille.
Bhí an baol ann go rachadh cúrsaí ó smacht agus bhí an próiseas síochána i gcontúirt dá bharr. Thit an tóin as an bpróiseas an bhliain dár gcionn, 1976, nuair a cuireadh an sos cogaidh ar ceal.
... agus go leor eachtraí eile,
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.