![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/48/Rio_Grande_White_Rock_Overlook_Park_View_2006_09_05.jpg/640px-Rio_Grande_White_Rock_Overlook_Park_View_2006_09_05.jpg&w=640&q=50)
Río Bravo
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceann de na príomh-aibhneacha sna Stáit Aontaithe Thiar Theas agus i dtuaisceart Mheicsiceo is ea an Río Bravo (Béarla: Rio Grande) (an ceann eile ná an Río Colorado). Éiríonn an abhainn i lárdheisceart Cholorado sna Stáit Aontaithe agus sreabhann sí isteach i Mhurascail Mheicsiceo.[1] Ar an tslí, cruthaíonn sí cuid den teorainn idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe. De réir an Comisión Internacional de Límites y Aguas (Béarla: International Boundary and Water Commission) tá an abhainn 3.051 km ar fhad iomlán. Ag brath ar conas atá sí a thomhas, is í an ceathrú nó an cúigiú abhainn is faide i Meiriceá Thuaidh.[2]
(mis) mets'ichi chena (mis) posoge (mis) paslápaane (mis) hañapakwa ![]() | ||||
Cineál | Abhainn ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Foinse | ||||
Mór-roinn | Meiriceá Thuaidh ![]() | |||
Tír abhantraí | Colorado ![]() | |||
Limistéar riaracháin | Nua-Mheicsiceo, SAM ![]() | |||
Deireadh | ||||
Suíomh | Murascaill Mheicsiceo ![]() | |||
| ||||
Craobh-abhainn | 27 | |||
Abhantrach draenála | Rio Grande basin (en) ![]() ![]() | |||
Tréithe | ||||
Toisí | 3,051 (![]() | |||
Abhantrach | 471,900 km² ![]() | |||
Bearta agus táscairí | ||||
Sreabhadh | 85 m³/s ![]() | |||
Feidhmíonn an abhainn mar chuid den teorainn nádúrtha idir Texas agus na Stáit Chihuahua, Coahuila, Nuevo León agus Tamaulipas de chuid Meicsiceo. Feidhmíonn stráice an-ghearr den abhainn mar chuid den teorainn idir Texas agus Nua-Mheicsiceo. Ó lár an 20ú haois, toisc go raibh an iomarca tomhaltais uisce sna feirmeacha agus sna cathracha chomh maith, agus go leor mórdhambaí, atreorú an abhainn agus ní raibh ach 20% dá uisce nádúrtha a scaoileadh le sruth isteach sa Mhurascaill. Gearr do bhéal na habhann, tá an réigiún talmhaíochta 'El Valle del Río Grande' Béarla: Rio Grande Valley). tábhachtach. Tá an Río Bravo (nó an Rio Grande) ar cheann de na 19 n-Uiscí Móra aitheanta ag an 'Great Waters Coalition'.[3]
Clúdaíonn dobhardhroim an Río Bravo 472,000 km2 [4]