Is príomhstáisiún raidió ag an gcraoltóir seirbhíse poiblí, Raidió Teilifís Éireann, é RTÉ Radio 1 (nó RTÉ Raidió 1). Tá sceideal thar a bheith measctha ar Radio 1: siamsa, cúrsaí reatha, oideachas, spórt agus mar sin de, i mBéarla go príomha ach tá Gaeilge le cloisteáil ó am go ham.

Thumb
RTÉ Raidió 1, Domhnach Broc
Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Bosca Sonraí EagraíochtaRTÉ Radio 1
Thumb
Sonraí
Cineálstáisiún raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1926
Rialachas corparáideach
ÚinéirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRaidió RTÉ Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttp://www.rte.ie/radio1/
Twitter: RTERadio1 Cuir in eagar ar Wikidata
Dún

Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar bhonn rialta ar an 1 Eanáir 1926 mar 2RN, sa bhliain 1932 mar “Radio Átha Luain” agus mar “Radio Éireann” in 1937.

Thumb

Stair

Thumb
Dundrum Shopping Centre, 2008

Chuaigh Radio Átha Luain nó "Radio Athlone" ar an aer i 1932 don chéad uair, ar bhonn sealadach. Bhí an raidió le fáil ar fud na tíre ar fad.[1] Bhí an Chomhdháil Eocairisteach le bheith ar siúl in Éirinn an bhliain sin agus theastaigh poiblíocht mhór ón lucht stiúrtha.

Thosaigh stáisiún ag craoladh go lánaimseartha ar an 6 Feabhra 1933.[2] Ba é Éamon de Valera a thug an t-aitheasc oscailte.  Thug sé ‘Droichead nua Átha Luain’ ar an ‘nGléas Craobhscaoileacháin seo [...] droichead idir na Gaedhil in Éirinn agus Gaedhil na h-imirce’ agus labhair sé – i mBéarla – ar thábhacht na Gaeilge.[3]

Athainmníodh "Radio Athlone" mar "Radio Éireann" sa bhliain 1937.[4] Ar na gléasanna raidió criostail (a bhí coitianta isteach sna 1930idí), ní chlúdódh an comhartha ach tuairim is 70% den dtír agus ní bheadh an Ghaeltacht san áireamh. Mar sin, fiú dá mbeadh gléasanna raidió acu, d’fhéadfadh sé nach gcloisfeadh go leor de phobal na Gaeltachta gan dua na cláracha as Gaeilge a bhí ann sna blianta luatha.

D'éirigh Raidió Éireann saor ó smacht díreach rialtais sna 1960idí.

I 1973, bhog an tseirbhís raidió go hIonad Raidió nua ar champas Dhomhnach Broc ón Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath (áit a raibh sé ó 1928).[5]

Anois, tá líonra cumarsáide náisiúnta ag RTÉ le béim níos mó ar bhailiú agus ar nuachta réigiúnach.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

  • RTÉ Radio 1
  • Clarke, Paddy, 1986. ‘Dublin Calling’: 2RN and the Birth of Irish Radio. Dublin: RTÉ.

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.