scríbhneoir Spáinneach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Spáinneach ab ea Ramón José Sender Garcés (3 Feabhra, 1901 – 16 Eanáir, 1982), nó go simplí Ramón J. Sender.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (es) Ramón José Sender Garcés 3 Feabhra 1901 Chalamera, An Spáinn |
Bás | 16 Eanáir 1982 80 bliana d'aois San Diego, California |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Ainrialachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Universidad Central |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, iriseoir |
Seánra | Úrscéal |
Ainm cleite | Ramón J. Sender |
Teangacha | An Spáinnis |
Teaghlach | |
Céile | Amparo Barayón (1935–1936), bás a c(h)éile Florence Hall (1943–1963), colscaradh |
Páiste | Ramon Sender ( ) Ramón Sender Barayón ( Amparo Barayón) |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Rugadh Sender i sráidbhaile beag; Chalamera, sa chúige Huesca suite in Aragóin. Sa bhliain 1923 cuireadh iachall ar dul sna saighdiúirí agus bhain sé páirt i gCogadh Rif i Maracó.
D'fhill Sender ar Maidrid ag obair mar iriseoir sa nuachtán El Sol, nuachtán a cháin an rialtas go rialta ag an am.
Sa bhliain 1926 cuireadh Sender i bpríosún de bharr an saothar Casas viejas. Nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1936, glac Sender taobh na bpoblachtánach láithreach. Agus é ar pháirc an áir, mharaigh na Náisiúnaigh a bhean chéile, Amparo Barayon, i Zamora agus a deartháir i Huesca.
Sa bhliain 1938 chuaigh Sender go dtí An Fhrainc agus as sin go dtí Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe. D'fhán sé sna Stáit Aontaithe mar shaoránach Mheiriceánach go dtí an bhliain 1972, an bhliain a d'fhill sé ar an Spáinn.
Fuair Sender bás i San Diego, California ar an 16 Eanáir 1982.
Is é La tesis de Nancy, saothar Sender is cáiliúla. Cuireann sé síos ar thaithí agus eachtraí mic léinn Meiriceánach, Nancy, atá ag staidéar sa Spáinn.[1]
Léann cuid mhaith de dhaltaí na Spáinne an leabhar greannmhar seo. Is cuntas fíor é, bunaithe ar litreacha a scríobh Nancy (scríofa as Béarla i dtús báire) dá haintín.
Scríobh sé leabhair pholaitiúla chomh maith, mar shampla, Réquiem por un campesino español ('sé sin Éagnairc do Tuathánach Spáinneach) nó Iman, úrscéál mar gheall ar na díospóireachtaí roimh Chogadh Cathatha na Spáinne.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.