Ráth Cruachan
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is suíomh seandálaíochta ar Mhachaire Connacht (Mag nAí) in aice le Tulsc, Contae Ros Comáin, é Ráth Cruachan. Luaitear go minic é i Miotaseolaíocht na nGael, go háirithe sa Rúraíocht mar dhún na ríthe Connacht.
Ráth Cruachan | |||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta | ||||
| |||||
Is ar cheann de na sé Suíomh Ríoga na hÉireann é. Is é achar na háite ná sé ciliméadar cearnach, agus faightear 240+ suíomh seandálaíochta ann, ina measc 60 séadchomhartha náisiúnta faoi chosaint. Téann siad siar go dtí an Tréimhse Neoiliteach (4000 - 2500 RC), tríd an Cré-umhaois (2500 - 500 RC) agus Iarannaois (500 BC - 400 AD), chun na meánaoise. I measc na bhfoirgneamh tá tuamaí, liosanna agus teorainneacha goirt na meánaoise. Is iad na suíomhanna is iontaí ná Ráth Cruachan féin, Uaimh rúndiamhair na gCat, na Muclaigh Mucklaghs, agus an t-ionad meánaoise ag Carn Fraoich.
I miotaseolaíocht na nGael, is é Ráth Cruachan seat ríoga Mhéabha, chomh maith le tús agus deireadh an seanscéil mhóir, an Táin Bó Cúailnge. Faightear ag Uaimh na gCat an slí isteach chuig an Aos Sidhe, a dúradh gur Gheata go hIfreann na hÉireann. Tá an Uaimh gaolta le feis págánach na Samhna, agus i dteannta sin le "fit abode" Mhór-Rioghana, bandia Ceilteach roimh-Chríostaí.
Ó thaobh na staire de, bhíodh móraonach ar siúl ann, agus ar cheann de na trí reilig págánach is mó sa tír.