Séadchomhartha Mór Mansudae
From Wikipedia, the free encyclopedia
Coimpléacs séadchomharthaí in Pyongyang, príomhchathair na Cóiré Thuaidh, is ea Séadchomhartha Mór Mansudae (Chosungul: 만수대대기념비; Hanja: 萬壽臺大紀念碑). Is iad an dá dhealbh 22 mhéadar in airde de Kim Il-sung agus Kim Jong-il príomhphointe an choimpléisc. Tá Músaem Réabhlóid na Cóiré taobh thiar de na dealbha, agus tá múrphictiúr mósáice le radharc ar Chnoc Paektu. I mí Aibreáin na bliana 1972 a osclaíodh an coimpléacs ar ócáid 60ú lá breithe Kim Il-sung. Ní raibh an dara dealbh ann fós ag an am. Cludaíodh an dealbh le órduille ag an tús, ach baineadh é den dealbh de bharr míshástacht rialtas Dhaonphoblacht na Síne a bhí ag cabhrú le geilleagar na Cóiré Thuaidh a fhorbairt.[1]