polaiteoir Francach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Francach í Marie-Ségolène Royal (a rugadh ar 22 Meán Fómhair 1953) ar a dtugtar Ségolène Royal go forleathan.
Is í Royal an tUachtarán réigiúnach do Poitou-Charentes agus tá sí ina ball den Tionól Náisiúnta.
Bhí sí mar iarrthóir oifigiúil don Pháirtí Sóisialach d'uachtaránacht na Fraince sa bhliain 2007. Theip uirthi an toghchán a bhuachan agus d'éirigh lena hiomathóir ón UMP, Nicolas Sarkozy, an t-uachtarántacht a bhaint amach.
Bhí caidreamh aici le hArd-Rúnaí na Sóisialaigh, François Hollande, agus tá ceathrar clainne acu.[1] Go gairid i ndiaidh an toghcháin sa bhliain 2007, scair siad óna chéile. Bhí caidreamh eile ag François Hollande le hiriseoir, Valérie Trierweiler, agus b'shin an fáth a scair siad.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.