Sabhna
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is sabhna (nó sauna as Fionlainnis: teach allais nó galfholcadán) ann ná teach nó seomra te le haghaidh galfholcadh. Téann stair an ghalfholctha siar go laethanta na sean-Róimhe, ar a laghad, ach nuair a chuaigh an Chríostaíocht i bhfairsinge in Ilchríoch na hEorpa, cuireadh deireadh leis an nós, ó bhí meas na mígheanmnaíochta ag na sagairt air. Mar sin, níor mhair an galfholcadh beo ach in áiteanna iargúlta, cosúil leis an bhFionlainn, agus nuair a thosaigh sé ag éirí faiseanta arís, shíl na daoine gur nós Fionlannach a bhí ann.
An chuid is mó de na teangacha Eorpacha, tugann siad sauna ar an seomra galfholctha, ach tá téarmaí dá gcuid féin ag na Sualannaigh agus na Rúisigh air: bastu a deirtear as Sualainnis, agus banya/баня as Rúisis.
I dtús báire, ní raibh i gceist leis an sabhna ach scioból aon seomra. Ar dtús, shuíodh na daoine istigh a fhad is a bhí de dhíth le cóta allais a tharraingt orthu, agus ansin, nídís iad féin as uisce. Inniu, áfach, is gnách seomra gléasta agus seomra cithfholctha a fhágáil faoi aon díon leis an sabhna. San Fhionlainn, bhí sé de nós ag muintir na tuaithe úsáid ilghnéitheach a bhaint as an sabhna, nó ba mhinic nach raibh oigheann nó tinteog ar bith eile sa teach ach sorn an tsabhna. Mar sin, ní raibh sé as an ngnáth bia a dheatú, a bhruith nó a bheiriú os cionn na sornóige sin. Nuair a thagadh na daoine ag tabhairt tailte nua chun míntíreachais, thógaidís sabhna ansin roimh aon teach eile, agus bhídís ina gcónaí sa sabhna go dtí go mbeadh an teach cónaí críochnaithe.