Is cathair i gcomhphobal féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Salamanca agus í mar phríomhchathair chúige Salamanca. Tá sí suite in iarthuaisceart na Spáinne lonnaithe i measc roinnt cnoic bruach na habhann Tormes. Tá seanlár na cathrach mar shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ón mbliain 1988. Leis an mórcheantar uirbeach san áireamh tá níos mó ná 220,000 ina gcónaí ann mar sin is í an dara chathair is mó sa Chaistíl agus León, i ndiaidh Valladolid (414,000), agus níos mó ná León (187,000) agus Burgos (176,000). Tá sé ar cheann de na cathracha ollscoile is tábhachtach sa tír, 16% de múinteoirí na Spáinnise ag teacht ón áit agus neart mic léinn idirnáisiúnta. Tá sé lonnaithe thart ar 200 ciliméadar siar ón bpríomhchathair Maidrid agus 80 cm soir ón teorainn Phortaingéalach. Bunaíodh Ollscoil Salamanca sa bhliain 1218, an ollscoil is sine sa Spáinn agus and ceathrú ollscoil is sine ar domhain. Rinne Hernán Cortés staidéar ar an ollscoil seo. Le 30,000 mic léinn, tá an ollscoil chomh maith turasóireacht príomhfhoinse ioncaim do gheilleagar Salamanca. Tá sí suite ar Tóchar de la Plata de Camino de Santiago.
Tá nasc láidir ag an gcathair le stair na hÉireann de bharr Coláiste Éireannach Salamanca a bhunaíodh ann sa bhliain 1592 do mhic léinn ó Éire a bhí ag teitheadh géarleanúint na Sasnaigh. Thug an Rí agus clann na nIarlaí (mar shampla Ó Súilleabháin Béarra) tacaíocht agus airgead don choláiste. Bhí Luke Wadding mar dhiagaire agus uachtarán ar an gcoláiste ón mbliain 1617.
Fíricí Gasta Suíomh, Príomhchathair de ...
Dún