![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b2/Salvatore_Riina.jpg/640px-Salvatore_Riina.jpg&w=640&q=50)
Salvatore Riina
From Wikipedia, the free encyclopedia
Duine de na boic mhóra sa Mafia sa tSicil ab ea Salvatore Riina, (1930-2017) nó "Totò". Saolaíodh ar an 16ú lá de Mhí na Samhna é, sa bhliain 1930. An té nach bhfuil i gcomhchlos dó, tugann sé U Curtu ("an fear beag", "an stumpa", i gcanúint na Sicile) air freisin. Nuair a bhí "Totò" amuigh ag coirpeoireacht i gcónaí, mharaigh sé dhá scór de dhaoine, agus creidtear gur chuir sé na dúnmharfóirí i ndiaidh na gcéadta eile. Sna hochtóidí agus i dtús na nóchaidí, chuir Riina agus a "theaghlach" coiriúil, muintir Corleonesi, cogadh ar na teaghlaigh choiriúla eile agus ar lucht an dlí araon, agus b'é an feachtas seo a rinne a chabhóg, nó d'iompaigh sé na sluaite móra in aghaidh Mhafia sa tSicil féin. Sa deireadh thiar thall, fuair Riina agus cuid mhór coirpeoirí eile iad féin i dtóin an phríosúin.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Samhain 1930 Corleone, An Iodáil ![]() |
Bás | 17 Samhain 2017 87 bliana d'aois Parma, An Iodáil ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Renal cell carcinoma (en) ![]() |
Padrino | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Airde | 158 cm ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | coirpeach, sraithmharfóir ![]() |
Teangacha | An Iodáilis |
Eile | |
Teaghlach | Sicilian Mafia (en) ![]() ![]() ![]() |
Céile | Ninetta Bagarella ![]() |
Ciontaíodh i | dúnmharú ![]() |