From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is seicheamh aigéid núicléasaigh ann ná comharbas de litreacha a chuireann in iúl ord na núicléitídí laistigh d' aigéad dí-ocsairibeanúicléasac (ADN) (ag baint úsáide as GACT) nó móilín (GACU) d'aigéad ribeanúicléasach (ARN). De réir choinbhinsiún, de ghnáth cuirtear seichimh i láthair ón 5'-críoch go dtí 3'-críoch. I gcomhair ADN, úsáidtear an snáithe polaraíochta. Toisc go mbíonn aigéid núicléasaigh de ghnáth ina pholaiméirí líneacha (neamh bhrainseach) is ionann an t-ord a shonrú agus struchtúr comhfhiúsach an mhóilín ar fad a shainmhíniú. Ar an gcúis seo, tugtar an 'bunstruchtúr' chomh maith, ar an seicheamh aigéid núicléasaigh.
Tá na siombailí seo bailí chomh maith do ARN, ach amháin le U (úraicil) in áit T (tímín).
I gcórais bhitheolaíochta, bíonn faisnéis in aigéid núicléacha a úsáideann cill bheo le haghaidh próitéiní ar leith a thógáil. Aistrítear seicheamh na núicléabhunna ar snáithe aigéid núicléasaigh ag innealra na cealla chuig seichimh aimíonaigéid ag cumadh snáithe próitéine. Freagraíonn gach grúpa de thrí bhun, ar a dtugtar códón, d' aimíonaigéad amháin, agus tá cód géiniteach sonrach ann le haghaidh gach meascán féideartha de na trí bhun arb ionann iad agus aimíonaigéad faoi leith.
Leagann dogma lárnach na bitheolaíochta móilíní amach an mheicníocht trína ndéantar próitéiní ag baint úsáide as eolas atá sna haigéid núicléacha.Tras-scríobhtar ADN isteach go dtí móilíní tARN, a dtaistealaíonn chuig an ribeasóim chuig áit ina n-úsáidtear an tRNA mar theimpléad le haghaidh an tsnáithe próitéine a thógáil. Ós rud gur féidir aigéid núicléacha ceangal le móilíní le seichimh comhlántach, tá idirdhealú idir na seichimh "polaraíochta" a chódaíonn le haghaidh próitéiní, agus an seicheamh "antapholaraíocht" comhlántach atá leis féin neamhfheidhmiúil, ach gur féidir leis ceangal leis an snáithe polaraíocht.
Is féidir anailís a dhéanamh ar sheichimh ghéiniteacha trí dul i muinín uirlisí bithfhaisnéisíochta chun iarracht a dhéanamh a fheidhm a dhéanamh amach.
Is féidir an ADN i ngéanóm an orgánaigh a anailísiú chun leochaileachtaí chuig ghalair oidhreachta, agus is féidir é a úsáid chun aithreachas an linbh (athair géiniteach) nó sinsear duine a chinneadh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.