From Wikipedia, the free encyclopedia
Mionríocht in iardheisceart na Breataine Bige a bhí i Seisyllwg, a bhí ann ó 730 go 920.
Seisyllwg | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Bhreatnais | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht Ceredigion | ||||
Cruthú | 680 | ||||
Díscaoileadh | 920 | ||||
Á leanúint ag | Teyrnas Deheubarth | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht |
Ag tús an 8ú haois, rialaigh an Rí Seisyll ap Clydog i gCeredigion. Timpeall na bliana 730 ghabh Seisyll 'Ystrad Tywi' ó Rhain ap Cadwgan, rí Dyfed, agus chuir sé lena ríocht féin é. Tugadh an logainm Seisyllwg ar an ríocht mhéadaithe nua. Taifeadtar go bhfuair a mhac, Arthen ap Seisyll, bás sa bhliain 807
Sa bhliain 872, báthadh Gwgon ap Meurig, rí Seisyllwg, trí thimpiste, agus chuir Rhodri Mawr a ríocht lena shealúchais trína phósadh le hAngharad, deirfiúr le Gwgon is sin-sin-gar-iníon Seisyll ap Clydog. Bhí Rhodri ina rí anois ar fhormhór na Breataine Bige. Nuair a fuair Rhodri bás fuair Cadell ap Rhodri le hoidhreacht Seisyllwg agus athbhunaíodh í ar feadh tamaill mar ríocht neamhspleách. D'éirigh le Cadell Dyfed a ghabháil i 904/905, agus thug sé dá mhac Hywel Dda é a rialú..
Nuair a fuair Hywel Seisyllwg le hoidhreacht freisin sa bhliain 920 tháinig an dá ríocht le chéile chun Teyrnas Deheubarth. a chruthú.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.