Sléacht Dhomhnach na Fola (1905)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard a bhí i gceist le Sléacht Dhomhnach na Fola ná eirleach a rinne saighdiúirí de chuid Impire na Rúise ar léirsitheoirí síochánta ar an 22 Eanáir 1905 i gCathair Pheadair (ar an 9 Eanáir de réir Fhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am sin). B'é an tAthair Georgiy Gapon, sagart Ortadocsach a bhí ina ghníomhaire rúnda ag rúnseirbhís an tSáir, Okhrana, a d'eagraigh an léirsiú agus a bhí i gceannas ar an mórshiúl.
Lipéad sa teanga dhúchais | (ru) Кровавое воскресенье |
---|---|
Cineál | stailc oll-lámhach |
Cuid de | Russian Revolution of 1905 (en) |
Dáta na bliana | 9 Eanáir 1905 (Iúlach) |
Suíomh | Cathair Pheadair, An Rúis |
Tír | Impireacht na Rúise |
Cúis | General strike in St. Petersburg 1905 (en) |
Rinne na húdaráis agus an rúnseirbhís botún tromchúiseach nuair a cheadaigh siad do na saighdiúirí a gcuid raidhfilí a loscadh ar na hagóideoirí. Thug na hagóideoirí le fios go soiléir nach raibh siad ag iarraidh cumhacht ná údarás an tSáir a cheistiú ná beart réabhlóideach ar bith a chur i gcrích. A mhalairt ar fad bhí siad ag iompar pictiúirí de naoimh na heaglaise agus den Impire féin. Tharraing ródach an Domhnaigh na seantithe anuas ar an Impire sa bhaile agus i gcéin. Go nuige seo, bhí muinín agus dóchas ag muintir na tíre as an Impire beag beann ar an gcruachás a raibh an Rúis ann. I ndiaidh an tsléachta, áfach, thit an tóin as an muinín sin, agus thosaigh na trioblóidí ar a dtugtar "réabhlóid na bliana 1905" i staraíocht na Rúise.