From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cuideachta ollmhór sruthúcháin é Spotify, a bunaíodh sa tSualainn sa bhliain 2006.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | seirbhís sruthaithe ceoil aip shoghluaiste comhphobal ar líne ríomhchlár podcast directory (en) branda | ||||
Réimse oibre | seirbhís ar líne, ceol agus tionscal an cheoil | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 2006, Stócólm | ||||
Bunaitheoir(í) | Daniel Ek agus Martin Lorentzon | ||||
Oibreoir | Spotify (en) | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | https://www.spotify.com https://open.spotify.com/ | ||||
Ligeann Spotify don úsáideoir éisteacht le beagnach aon stéibh ceoil a taifeadadh riamh.[1] Ligeann Spotify agus seirbhísí cosúil leis do dhuine seinnliostaí a chruthú agus a mhalartú le cairde..[2] Baineann Spotify úsáid as algartam uilechumhachtach chun ceol nua a mholadh duit, bunaithe ar cheol ar éist tú leis cheana.[3]
Tá an tseirbhís ar fáil saor in aisce ach bíonn fógraí ag gabháil leis an rogha seo (saorimirt nó 'freemium'). Má íocann daoine síntiús, tá an tseirbhís le fáil céanna gan fógraí.
De réir an CMT (Ceisteanne minic a thig) tá neart ceoil nach bhfuil ar fáil uathu, toisc nach bhfuil ceadúnas faighte acu don cheol sin.
Tá an API curtha ar fáil ag Spotify a ligeann do fhorbróirí feidhmchláiríní a chruthú don ardán seo, mar shampla Last.fm, Moodagent, Musixmatch agus ReebokFitlist, a ligeann don domhan uilig aithne a chur ar cheol ar bhealaí éagsúla. Seolann bannaí agus ceoltóirí feidhmchláiríní chomh maith a ligeann d’úsáideoirí breis eolais agus íomhánna a fháil.[1]
Bhunaigh Daniel Ek and Martin Lorentzon an tseirbhís ar 23 Aibreán 2006. Bhí cúpla sheirbhísí eile cosúil leis ag an am (mar shampla Pandora, Grooveshark, agus iTunes). Osclaíodh an tseirbhís fóin mhóibíligh sa bhliain 2010 agus tháinig borradh mór faoi Spotify ar fud an domhain.
In 2013, bhí 20% dá 3 milliún úsáideoir sna Stáit Aontaithe ag íoc as an tseirbhís, agus bhí 84% d’ioncam reatha Spotify ag teacht ó na síntiúsóirí de réir Digital Music News. Ag an am sin, d'íoc Spotify trí oiread d’úinéireacht chearta an cheoil nuair a éisteann úsáideoir Premium leis, thar mar a íocann siad as éisteacht an ghnáthúsáideora.[1]
I mí na Nollag 2023, dúirt Spotify go raibh 1,500 duine - 17% den mheitheal iomlán - le ligean chun siúil acu (tar éis dóibh scaoileadh chun bealaigh le 600 ball foirne mí Eanáir agus 200 mí an Mheithimh 2203) Is ar mhaithe le costais a ghearradh. I litir a scríobh sé [1]chuig an meitheal dúirt príomhfheidhmeannach Spotify Daniel Ek gur fhostaigh an chuideachta breis daoine i 2020 agus 2021, nuair a bhí costas ní ba ísle ar chaipiteal. Dúirt Spotify gur caillteanas a bhí rompu sa gceathrú ráithe in áit an bhrabúis a raibh súil leis.[4]
Ghearr mórchuid cuideachtaí teicneolaíochta postanna le linn 2023.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.