Stáit an Phápa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ionann Stáit an Phápa (Iodáilis: Stati Pontificii) - nó Stát na hEaglaise (Stato della Chiesa) - agus tailte an Phápa san Iodáil ón séú haois go dtí an Risorgimento agus aontú na hIodáile in aon stát amháin faoi cheannas Ríocht na Sairdíne agus Piemonte sa bhliain 1861. Bhí an Pápa ábalta an Róimh a choinneáil aige ina dhiaidh sin féin, ó bhí trúpaí Francacha ag cosaint na cathrach ar choinscleo na náisiúnaithe Iodálacha, ach sa bhliain 1870, bhris cogadh amach idir an Fhrainc agus an Phrúis, agus ó bhí na saighdiúirí ag teastáil i bpáirc an áir, d'fhág na Francaigh an Róimh ag na hIodálaigh.
Stáit an Phápa | |||||
---|---|---|---|---|---|
Patrimonium Sancti Petri (la) | |||||
Aintiún | Marcia trionfale (1857-1870) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | An Róimh | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Laidin | ||||
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 41,407 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Roman Republic (en) , Republic of Cospaia (en) , Duchy of Spoleto (en) , Italian United Provinces (en) , Lordship of Forlì (en) , Duchy of Rome (en) , Commune of Rome (en) , Eacsarcacht Ravenna agus Trasimène | ||||
Bunaitheoir(í) | Pápa Stiofán II | ||||
Cruthú | 754 | ||||
Díscaoileadh | 1870 | ||||
Á leanúint ag | Cathair na Vatacáine agus Trasimène | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht thoghaí agus absolute theocratic monarchy (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | scudo na Róimhe |
Ní hionann Cathair na Vatacáine agus sean-Stáit an Phápa, nó níor bunaíodh an Vatacáin ach sa bhliain 1929, de réir Chonradh na Lataráine idir Benito Mussolini agus an Pápa Pius XII.