![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b0/Social_expenditure_as_percentage_of_GDP_OECD_2013.svg/langga-640px-Social_expenditure_as_percentage_of_GDP_OECD_2013.svg.png&w=640&q=50)
Stát leasa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Coincheap rialtais is ea an stát leasa ina imríonn an stát ról lárnach i gcosaint agus i gcur chun cinn dea-bhail eacnamaíocha agus sóisialta a chuid saoránach. Tá sé bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le comhionannas deiseanna, cothroime dáileadh an rachmais, agus freagrach phoiblí dóibh siúd nach bhfuil in ann leas a bhaint as na soláthairtí íosta le haghaidh an tsaoil mhaith. D'fhéadfadh an téarma ginearálta foirmeacha d'eagraíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a chuimsiú.[1] Chuir an socheolaí T. H. Marshall síos ar an stat leasa nua-aimseartha mar mheascán sainiúil de dhaonlathas, leasa, agus chaipitleachas.[2]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b0/Social_expenditure_as_percentage_of_GDP_OECD_2013.svg/640px-Social_expenditure_as_percentage_of_GDP_OECD_2013.svg.png)
██ >30%
██ 25–30%
██ 20–25%
██ 0–20%
Cuimsíonn na stáit leasa nua-aimseartha an Ghearmáin, an Fhrainc, an Bheilg agus an Ísiltír,[3] , chomh maith leis na tíortha Nordacha, den sórt sin mar an Íoslainn, an tSualainn, an Iorua, an Danmhairg, agus an Fhionlainn[4] a úsáideann an múnla ar a dtugtar an tsamhail Nordach. Rangaigh Gøsta Esping-Andersen na córais leasa is forbartha de chuid na stát i dtrí chatagóir: sóisialach daonlathach, coimeádach agus liobrálach.[5][lower-alpha 1]
Baineann an stát leasa shóisialaigh le haistriú cistí ón stát chun na seirbhísí a chuirtear ar fáil (. i. sláinte, oideachas, srl.) chomh maith le le haistriú díreach do dhaoine aonair ("sochair"), agus maoinítear é trí na gcánacha. Is minic a thugtar an geilleagar measctha air.[6] De ghnáth bíonn ar an lucht ardioncaim níos mó cánach a íoc, ar a dtugtar cáin fhorchéimnitheach.