From Wikipedia, the free encyclopedia
Feictear suíomhanna ríoga Éireann i dtéacsanna mheánaoiseacha a dhéanann cuir síos ar lárionadaí de ríthe Éireann, áiteanna a mbíodh tionóil, lúthchleasaíocht agus insealbhuithe á reáchtáil.[1] Dar leis na foinsí, bhíodh nasc idir na suíomhanna agus na ríochtaí Gaelacha. Léiríonn seandálaíocht gur shuntasach iad na suíomhanna leis na mílte bliain réamhstairiúila trí fhianaise na dtuamaí, na ngallán agus na gcarn atá faighte ann.
Meastar go raibh suíomh éis ag gach ríocht Ghaelach,[2] ach tá sé cinn tábhachtacha ann.[3] Four of these served as the royal sites of the four major cúigí na hÉireann.
Tá na príomhshuíomhanna nasctha le roinnt mionsuíomhanna a raibh cuspóirí eile acu. Mar shampla, bhíodh ag rí na Teamhrach tionóil ag Tailtiu agus Tlachta le linn fhéile Lúnasa An Lúnasa.[4]
Tá sé molta go gceapa na mórshuíomhanna, seachas Eamhain Mhacha i dTuaisceart Éireann, ina Suíomhanna Oidhreachta Domhanda UNESCO.[5]
Tá gnéithe coiteanna na suíomhanna ríoga tugtha faoi deara ag an staraí, Michael Herity. Tá tulaigh ag gach ceann acu, agus dúin chnoic agus ascaillí díreacha créafóige ag an chuid is mó acu. Tá cairn nó galláin ag roinnt acu, ach b'fhéidir gurb é laige na struchtúr úd is cúis le heaspa a leithéidí.[6]
Tá struchtúr ar leith ann, déanta as tulach agus clós ciorclach le chéile, mar shampla An Forradh agus Teach Cormaic, a fhaightear beagnach ach amháin ar shuíomhanna ríoga.[7] I measc gnéithe níos lú minice, tá bilí, cathaoireacha cloich, clocha insealbhaithe, stone basins agus cilli.[8]
Tugann Herity faoi deara fosta gur reiligí a bhíodh ann sna suíomhanna úd dar leis na foinsí, rud a chuireann b'fhéidir ómós na marbh in úil.[6]
Tharlaíodh deasghnátha insealbhuithe ag na suíomhanna ríoga. Bhaineadh na ríthe leas as an gceangail le stair agus tabhachtacht chultúrtha na suíomhanna. significance [8]
B'ionann na deasghnátha agus pósadh, banais nó feis idir an rí agus an talamh agus/nó bandia na talún.[8] Bhíodh leathanradharc ar an talamh ón suíomh barr chnoic.[8] Thit an analach phósta i laige in am trátha, nuair a d'éirigh an rí ina shealbhóir talún.[9]
Is idir gann agus ilchineálach iad na cuir síos stairiúla ar na deasghnátha. Dar le foinse amháin, chúpláladh rí Cineál Chonaill le láir, dhéanadh sé í a mharú agus a bheiriú, agus théadh sé ar snámh san anraith fad is a d'óladh a ghéillsinigh as.[9] Tá cáineadh géar déanta ar an gcur síos seo mar bholscaireacht in éadan na nGael págánach, ach bheadh sé de réir nóis Ind-Eorpaigh.[9] Cuireadh taifeadta níos deireanaí in úil go mbíodh iontu idir rásaí, ól, filíocht, mórshiúlta agus bronnadh tslat na ríghe.[9]
Facthas i roinnt insealbhuithe deasghnáth an bhróg aonair,[10] mar shampla ag clanna Uí Chonchúr sa chúigiú haois déag, agus Uí Néill agus Mhic Uidhir sa séú haois déag.[11] D'fhágadh rí Uí Chonchúir bróg amháin ag an suíomh chun a mhaíomh a léiriú. An lá dár gcionn, chuireadh duine de chlann Mhic Diarmada, "ceapadóir-rí", bróg ar cois a rí.[10] I rith deasghnáth Uí Néill, chaitheadh duine de chlann Uí Ágáin nó, níos deireanaí, Uí Chatháin, An bróg thar chionn an rí mar chomhartha ratha.[10] D'fhéadfadh é fosta go bhfuil nasc idir an bhróg agus lorg coise snoite i gclocha insealbhuithe.[12]
Tá ann ag go leor suíomhanna insealbhuithe tulaigh bheaga le háit leacaithe chun seasamh air agus chun breathnú ar daoine agus talamh is a comhair amach.[8][8] Tá fianaise ann ar roinnt cathaoireacha insealbhuithe, ach is amhlaidh gur tógadh isteach na ríchathaoireacha a d'úsáidtí níos deireanaí sa mheánaois.[13] Tharraing Richard Bartlett an ríchathaoir ar a léarscáil de Thulaigh Óg, suíomh insealbhaithe Uí Néill Thír Eoghain. Faightear an t-aon ríchathaoir Ghaelach, de chuid Cheann Aodha Bhuí, i Músaem Uladh anois.[14]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.