Svetlána Alecsiévich
From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir neamhfhicsin agus iriseoir iniúchta de chuid na Bealarúise is ea Svetlána Alecsándrovna Alecsiévich[1] (r. 1948). Is i Rúisis a scríobhann sí.
Rugadh Svetlána Alecsiévich ar an 31ú lá de mhí an Mhárta i mbaile beag Stanislaviv, nó Ivano-Frankivsk [An Úcráinis: Іва́но-Франкі́вськ, Ivano-Frankivśk] mar a thugtar air ón mbliain 1962 amach, san Úcráin. Ag an am a rugadh í, bhí Stanislaviv suite i bPoblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine. Bealarúiseach ab ea a hathair agus Úcránach ab ea a máthair.
Moladh Duais Nobel na Litríochta di sa bhliain 2015. Dúirt Acadamh na Sualainne gur bronnadh an duais uirthi de bharr na "scríbhneoireachta ilfhónaí" a chum sí, scríbhneoireacht atá ina "leacht cuimhneacháin d'fhulaingt agus do mhisneach ár linne."[2][3] Is í Svetlána Alecsiévich an chéad scríbhneoir riamh de chuid na Bealarúise dá moladh an duais seo.