Súnámaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is sraith tonnta é súnámaí (nó tonn taoide) a chruthaítear nuair a easáitítear uisce i loch nó san fharraige go tobann ar scála ollmhór. Is féidir le creathanna talún, sciorradh talún, brúchtadh bolcáin agus bualadh dreigíte móire súnámaí a chruthú.
Tagann an téarma Súnámaí ón tSeapáinis, a chiallaíonn cuan ("tsu", 津) agus tonn ("nami", 波 nó 浪). Úsáidtear an focal céanna don uimhir uatha is iolra as Seapáinis. Rinneadh léirscrios agus cailleadh na mílte daoine i dteagmhais mar seo thar na blianta timpeall an Aigéin Chiúin go háirithe.
Ar an 5 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Domhanda Feasachta ar Shúnámaithe (lá a tharla an “Inamura - no-hi”, in oileán Honshu na Seapáine ar an 5 Samhain 1854).