Taoiseach
ceannaire ar rialtas na hÉireann / From Wikipedia, the free encyclopedia
In Éirinn inniu, is é an Taoiseach (Taoisigh an uimhir iolra) ceannaire rialtais nó príomh-aire Phoblacht na hÉireann. Sa stair, thugtaí taoiseach ar cheannaire treibhe (mar shampla Geronimo nó Vercingetorix), nó go ginearálta, ar an té a bhí i gceannas.
Fíricí Gasta Sealbhóir, Cónaithe ...
Sealbhóir | Simon Harris ó 9 Aibreán 2024 |
---|---|
Cónaithe | Steward's Lodge (en) |
Ceaptha ag | Uachtarán na hÉireann |
Dlínse | Éire |
Institiúid | Roinn an Taoisigh |
Stáit | Éire |
Sainordú | 5 bliain |
Cruthú | 29 Nollaig 1937 |
Ionadaí | Tánaiste |
Liosta | list of Taoisigh (en) |
Suíomh | gov.ie… |
Dún
Seanteideal Gaelach é taoiseach, a chiallaíonn "tiarna" nó "ceannaire". I Stair na hÉireann bhíodh an taoiseach ina ionadaí dá ríocht nuair a bhíodh gnóthaí aige leis na treibheacha eile, chomh maith le bheith i gceannas ar a mhuintir i bpáirc an áir.