Teiripe athsholáthar hormón
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cuingriú d'éastraigin shaorga is prógaistéarón saorga a thógann an bhean tríd an mbéal chun dul in ionad na hormón nádúrtha baineann tar éis an tsos míostraithe nuair a stopann an cholainn á dtáirgeadh. Tógtar an teiripe chun siomptóim ar leith a mhaolú, cosúil le luisne the, allas istoíche, neamhchodladh, faighin thirim. Is maith an teiripe seo freisin chun iarmhairtí oistéaporóise a laghdú. Ar an taobh eile, is féidir go mbeidh fo-iarmhairtí neamhfhábhracha uirthi: trombóis, rith fola sa bhfaighin, agus priacal méadaithe ailse chíche.[1]