From Wikipedia, the free encyclopedia
Cóir leighis thástálach ar ailse sna scamhóga, an lamhnán is an t-éasafagas, ina mbaintear feidhm as solas. Instealltar ceimiceán ar leith a bhailíonn sna cealla ailseacha san othar, agus is féidir é a athrú ina ábhar atá tocsaineach do na cealla sin trí é a spreagadh le solas. Ní gá ach an ball ina bhfuil an ailse a shoilsiú le solas den tonnfhad cuí chun an ceimiceán a spreagadh. Braitheann éifeacht na teiripe ar cé chomh cinnte agus is féidir an buncheimiceán a lonnú sa bhfíochán ailseach, agus trédhearcacht na bhfíochán os cionn na hailse chun go sroichfidh dóthain solais an ailse. Tá teiripe eile mar seo á saothrú i gcomhair othar le SEIF. Sa chás seo, tá druga leighis in úsáid ar féidir é a spreagadh chun éifeachta le dáileog radaíochta ultraivialaite, agus neartaíonn an druga seo an córas imdhíonach.[1]
MeSH | D010778 |
---|
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.