Teocht fhliuchbholgáin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is teocht fhliuchbholgáin[1] (TFB) ann ná an teocht a léitear le teirmiméadar atá clúdaithe in éadach, sáithithe in uisce ag teocht chomhthimpeallach, a gcuirtear aer thairis.[2] Tugtar teirmiméadar fliuchbholgáin ar an ngléas seo.[3] Ag bogthaise choibhneasta 100%, is ionann an teocht fhliuchbholgáin agus teocht an aeir (teocht an bholgáin thirim); ag bogthaise níos ísle tá an teocht fhliuchbholgáin níos ísle ná teocht an bholgáin thirim, mar gheall ar fhuarú galaithe.