Is comhdhúil aramatach malartaithe é tolúéin,[1] ar a dtugtar meitilbeinséin[2] freisin i gcóras AIGCF.
Fíricí Gasta Substaint cheimiceach, Mais mhóilíneach ...
Tolúéin |
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|
Mais mhóilíneach | 92.063 Da |
---|
Fionnachtaí nó aireagóir | Pierre Joseph Pelletier |
---|
Tacsón ina n-aimsítear é | Zingiber mioga, Opuntia ficus-indica, Manilkara zapota, Psidium guajava, bliosán gréine, Elsholtzia ciliata, Actinidia chinensis, lus mín, Aster scaber, Basella alba, Carica papaya, Centella asiatica, Echinophora tenuifolia, Freesia hybrida, crann mangaistíní, Gossypium hirsutum, Juglans nigra, Mangifera indica, Odontotermes magdalenae, peirsil gharraí, Etlingera elatior, Phallus impudicus, pónaire Fhrancach, Pyrus pyrifolia, Sorghum bicolor, Vaccinium ashei, Vitis rotundifolia, Couroupita guianensis, Vaccinium virgatum, Vaccinium corymbosum, Clinopodium suaveolens, Lucensosergia lucens, Scleromitrion diffusum, Passiflora edulis agus sú talún |
---|
Ról | developmental toxicant (en) |
---|
|
Foirmle cheimiceach | C₇H₈ |
---|
|
SMILES canónta | |
---|
InChI | Model 3D |
---|
|
Dlús | 0.87 g/cm³ (a 20 °C) |
---|
Tuaslagthacht | 0.07 g/100 g (uisce, 23 °C) |
---|
Móimint leictreach dhépholach | 0.375 D |
---|
Pointe leáite | −95 °C −93 °C −94.99 °C |
---|
Fiuchphointe | 111 °C (a 760 Torr) 110.63 °C (a 101.325 kPa) |
---|
Móimint leictreach dhépholach | 0.375 D |
---|
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | 50,170 J/mol agus 12,180 J/mol |
---|
Combustion enthalpy (en) | −3,910 kJ/mol |
---|
Galbhrú | 21 mmHg (a 20 °C) |
---|
|
Teorainn inlasta íochtair | 1.1 vol% |
---|
Teorainn inlasta uachtarach | 7.1 vol% |
---|
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 375 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh) 754 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
---|
Short-term exposure limit (en) | 560 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
---|
Uasteorainn nochta | 1,885 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) 1,131 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
---|
Splancphointe | 40 °F |
---|
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 1,885 mg/m³ |
---|
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (GHS07: comhartha uaillbhreasa, GHS08: guais sláinte, GHS02: flame (en) ) |
|
leacht inlasta Aicme IB |
Dún
Is leacht gan dath, dothuaslagtha in uisce é agus an boladh a bhaineann le caolaitheoirí péinte. Is díorthach beinséine monamhalartaithe é, comhdhéanta de ghrúpa meitile (CH3) atá ceangailte le grúpa feinile. Mar sin, is é meitilbeinséin a ainm córasach AIGCF.
Úsáidtear tolúéin go príomha mar bhunábhar tionsclaíoch agus mar thuaslagóir. Mar an tuaslagóir i roinnt caolaitheoirí péinte, marcóirí buan, gliú teagmhála, agus cineálacha áirithe gliúnna, úsáidtear tolúéin uaireanta mar ionanálach áineasa agus d'fhéadfadh sé dochar néareolaíoch tromchúiseach a dhéanamh.
D'aonraigh an ceimiceoir Polannach Filip Walter an chomhdhúil den chéad uair sa bhliain 1837, trí ola péine a dhriogadh agus ghlaoigh sé rétinnaphte[3] air. Sa bhliain 1841, d'aonraigh an poitigéir Francach Henri Étienne Sainte-Claire Deville hidreacarbón ó Bhalsam de Tolú nó Balsamum tolutanum (eastóscán aramatach as an gcrann trópaiceach Colómach Myroxylon balsamum); d'aithin Deville go raibh sé cosúil le rétinnaphte Walter agus le beinséin; mar sin ghlaoigh sé benzoène ar an hidreacarbóin nua.[4] Sa bhliain 1843, mhol Jöns Jacob Berzelius an t-ainm toluin.[5] Sa bhliain 1850, d'aonraigh an poitigéir Francach Auguste Cahours ó dhriogáit adhmaid hidreacarbón a d'aithin sé a bheith cosúil le benzoène Deville agus a d'ainmnigh Cahours toluène.[6]
Féach:
- Deville (1841) "Recherches sur les résines. Étude du baume de Tolu" Curtha i gcartlann 2016-10-21 ar an Wayback Machine (Investigations of resins. Study of Tolu balsam), Comptes rendus, 13 : 476–478.
- H. Deville (1841) "Recherches chimiques sur les résines; Premier mémoire" Curtha i gcartlann 2021-05-02 ar an Wayback Machine (Chemical investigations of resins; first memoir), Annales de Chimie et de Physique, 3rd series, 3 : 151-195. Deville names toluene on p. 170: "J'ai adopté, pour le corps qui m'occupe dans ce moment, le nom de benzoène, qui rappelle, dans les baumes dont il provient, ce caractère presque générique qui est de contenir de l'acide benzoïque." (I've adopted, for this substance that occupies me at the moment, the name benzoène, which recalls, in the balsams from which it comes, that character which is contained in benzoic acid.)
- "Henri Étienne Sainte-Claire Deville: A physician turned metallurgist" (2004). Journal of Materials Engineering and Performance 13 (2): 117–118. doi:10.1361/10599490418271. Bibcode: 2004JMEP...13..117W.