Uí Bhriain
From Wikipedia, the free encyclopedia
Rítheaghlach Gaelach as an Mumhain is ea Uí Bhriain, bunaithe sa deichiú haois ag Brian Bóramha Dhál Chais. D'éirigh seisean ina rí Mumhan agus ansin Ardrí na hÉireann. Bhí ceathrar de charm Uí Bhriain i gcoróin sa Mhumhain, agus beirt ina n-ardríthe (le freasúra).
Rinneadh críochdheighlt den Mhumhain ina Tuadhmhumhain Uí Bhriain agus Deasmhumhain Mhic Cárthaigh ag Toirdhealbhach Ua Conchobhair sa 12ú haois le Conradh Ghleann Maghair. Sa 13ú haois, bhí coimhlint acu leis an gclann Normannach, de Clare.
Ba é Murchadh Ó Briain an duine deireanach dá chlann a bheith i réim sa Tuadhmhumhain. Ghéill sé a fhlaitheas do ríocht nua na hÉireann faoi Anraí VIII sa bhliain 1542, ag éirí ina Iarla Thuamhan.
Agus ord na nGael agus an Féineachas i réim, shocraítí an comharbas faoi nósanna an tánaisteachta. Ón mbliain 1542 ar aghaidh, ceaptar Ceann na Fine Uí Bhriain de réir céad-ghinteachta, leis an teideal Iarla Thuamhan agus scaití Baron Inchiquin, ag brath ar comharbas.