ciclipéid shaor ar líne is féidir í a chur in eagar From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ciclipéid ar líne é an Vicipéid atá scríofa agus á chothabháil ag pobal oibrithe deonacha, ar a dtugtar Vicipéideoirí, trí chomhoibriú oscailte agus trí úsáid a bhaint as córas eagarthóireachta vicí-bhunaithe ar a dtugtar MediaWiki. Is í an Vicipéid an saothar tagartha is mó agus is mó léite sa stair, agus i rith an ama bhí sí ar cheann de na 10 suíomhanna gréasáin is mó tóir.[1] Cruthaithe ag Jimmy Wales agus Larry Sanger ar 15 Eanáir, 2001, tá sé á óstáil ag an bhFondúireacht Wikimedia, eagraíocht neamhbhrabúis Mheiriceá.
Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc.
Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá 60,622 alt ann.
Comhfhocal a tháinig ón bhfocal Havaíoch wiki ("scioptha") agus ón bhfocal Béarla encyclopedia is ea Wikipedia, agus tháinig sé ar an bhfód sa bhliain 2000[2] mar chomhthogra den chiclipéid phroifisiúnta Nupedia. Tá an togra ar fad faoi stiúir an Wikimedia Foundation, eagraíocht a oibríonn gan bhrabach agus atá i dtaobh le síntiúis.
Leathnaigh clú agus cáil na Vicipéide mar thionscnamh domhanda go sciobtha. Tá roinnt tograí eile (Wikibooks, Vicífhoclóir, srl.) ag siúl leis an Vicipéid agus iad ag dul chun cinn in éineacht leis an Vicipéid féin.
Moltar go láidir d'eagarthóirí cloí le dearcadh neodrach sa tslí is go ndéantar achoimriú neamhchlaonta de thuairimí éagsúla ar an ábhar.
Is minic a luaitear an Vicipéid sna meáin agus sa saol acadúil. Mar sin féin, bíonn conspóidí ar siúl faoin Vicipéid mar shaothar tagartha. Tá moladh agus cáineadh faighte aici maidir leis an tslí a ndáiltear agus a n-eagraítear í, leis an méid topaicí atá aici agus lena cuid ilteangachais. Tá sí an-oscailte agus is féidir loitiméireacht a dhéanamh uirthi, gan trácht ar í a dhul i mbaol an mhíchruinnis agus na neamh-chomhsheasmhachta, cé go mbíonn na riarthóirí san airdeall ar a leithéidí.
Locht mór eile a chuirtear ina leith is ea an easpa ban atá uirthi mar riarthóirí agus mar scríbhneoirí. Fágann sé seo a rian ar an gcaoi a gcaitear le mná mar ábhar eolais. Is beag aird a thugtar orthu, mar shampla, i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Tá sé áitithe mura bhfuil beathaisnéis fhónta mná ar an Vicipéid go síltear nach cuid suntais í, rud is cúis le himeallú féinchothaithe.
Tá an Wikipedia Foundation buartha faoi seo agus tá tréaniarracht á déanamh ar mhná a mhealladh isteach, cé gur beag rath atá ar an obair go dtí seo.[3]
D'ainneoin na lochtanna úd, tugann solúbthacht agus oscailteacht féin na Vicipéide deis do scríbhneoirí an tionscnamh a fheabhsú mar fhoinse thagartha.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.