William Gerard
polaiteoir Sasanach (1518-1581) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Státaire Sasanach ba ea an Ridire William Gerard (1518–1581), a rinne sárobair ar son an rialtais i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn. Chaith sé na blianta fada ina fheisire ó Chester i nDáil Shasana agus bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chomhairle na Breataine Bige agus na gCríoch.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1518 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 1581 (Féilire Ghréagóra) 62/63 bliana d'aois |
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
Member of the 1563-67 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Cathair Chester | |
Member of the 1571 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Cathair Chester | |
Member of the 1559 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Cathair Chester | |
Member of the 1555 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Cathair Chester | |
Member of the 1558 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Cathair Chester | |
Ball de Pharlaimint 1572-83 | |
Toghcheantar: Cathair Chester | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, polaiteoir |
Teaghlach | |
Páiste | Sidney Gerard |
Athair | Gilbert Gerard agus Eleanor|Elen Davison (Davies) (en) |
Dún
Chaith sé cúig bliana mar Ard-Seansailéir na hÉireann agus rinne tréaniarracht ar an gcóras dlí a leasú. I 1573 ceapadh é mar Dhéan Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath, cé gur admhaigh sé go raibh “gearradh coinsiasa” ag goilliúint air faoi ghlacadh leis an bpost, mar nach raibh sé ina eaglaiseach.