Xeanón
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an xeanón dúil cheimiceach uimhir a 54, agus is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná Xe. Ar nós na dtriathghás eile, níl an xeanón fonnmhar chun imoibriú leis na dúile eile, ach sa bhliain 1962, d'éirigh le Neil Bartlett san University of British Columbia an chéad chomhdhúil xeanóin a shintéisiú, rud a bhí ina ábhar mór iontais ag na ceimiceoirí san am.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus gás |
---|---|
Xeanón sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Xe |
Uimhir adamhach | 54 |
Mais adamhach | 131.293 |
Cumraíocht leictreon | 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 3d¹⁰ 4s² 4p⁶ 4d¹⁰ 5s² 5p⁶ agus [Kr] 5s² 4d¹⁰ 5p⁶ |
Peiriad, Grúpa | peiread 5 triathgháis |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 2.6 |
Stair | |
Aimsitheoir | William Ramsay agus Morris Travers |
Fionnachtain | 12 Iúil 1898 |
Eapainm | strainséir |
Úsáidtear xeanón sna lampaí xeanóin, san ainéistéitic agus mar mheán i ngléasra léasair. Tá sé ar fáil go nádúrtha san atmaisféar, cé nach bhfuil ann ach iarsmaí beaga - tá an t-argón i bhfad níos flúirsí, mar shampla. Tá xeanón an dúlra comhdhéanta as naoi n-iseatóp: seacht gcinn acu is iseatóip chobhsaí iad, agus is iseatóip radaighníomhacha iad an dá cheann eile, ach tá a leathré chomh fada is gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Is é an meáchán adamhach atá aige ná 131.296.