![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/29/Red%252C_or_White%252C_Sir%255E_-_geograph.org.uk_-_134181.jpg/640px-Red%252C_or_White%252C_Sir%255E_-_geograph.org.uk_-_134181.jpg&w=640&q=50)
Yr Hôb
sráidbhaile agus pobal i Sir y Fflint, sa Bhreatain Bheag / From Wikipedia, the free encyclopedia
Sráidbhaile agus pobal i Sir y Fflint, sa Bhreatain Bheag is ea Yr Hôb nó Llangyngar (Béarla: Hope), a chiallaíonn 'talamh iata i riasc' sa tSean-Bhéarla. Tá daonra 2,522 (2001) ann. Tá Yr Hôb, 182.3 km ó Caerdydd agus 267 ó Londain.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | an Bhreatain Bheag | ||||
Contaebhuirg na Breataine Bige | Sir y Fflint ![]() | ||||
Tá an sráidbhaile suite timpeall 4.5 km ón teorainn le Sasana (Swydd Gaer), ar bhruach Afon Alun. Tá Yr Hôb ar cheann de ghrúpa beag sráidbhailte áitiúla a bhfuil gaol an-dlúth acu lena chéile, lena n-áirítear Caergwrle, Abermor-ddu agus Cefn-y-bedd. Is é an tírghné is mó sa cheantar ná Mynydd yr Hob, (Gaeilge: Sliabh Hob) ar an taobh thiar den sráidbhaile, agus tá cairéal air atá dúnta anois.
Tá Ysgol Uwchradd Castell Alun (Gaeilge: Ardscoil Chastell Alun) suite sa sráidbhaile; tá bunscoil Ysgol Estyn ann freisin.
Nascann naisc mhaithe iompair Yr Hôb le háiteanna mar Wrecsam, Caer agus Yr Wyddgrug, agus nascann Iarnród na Teorann (Breatnais: Reilffordd y Gororau) é le Learpholl san oirthuaisceart.
Uaireanta tugtar Gastell Caergwrle ar “Castell yr Hôb”, toisc go luíonn sé idir an dá áit. Sant Cynfarch agus Sant Cyngar an t-ainm atá ar an eaglais áitiúil, a thagraíonn do dhá naomh: Cynfarch (5ú haois) agus Cyngar ap Geraint (6ú haois). Tá séadchomhartha cloiche ildaite sa séipéal don pholaiteoir Sion Trevor (1563-1630), as Plas Teg. Ainmníodh athair Shion freisin Sion Trefor (b. 1589) a bhí ina chónaí ag eastát Trefalun.