Éigniú

From Wikipedia, the free encyclopedia

Éigniú
Remove ads

Coir thromchúiseach gnéis is ea an t-éigniú — is minic a úsáidtear an téarma banéigniú sa Ghaeilge freisin. Go bunúsach, is éard is brí leis an éigniú ná comhriachtain in aghaidh na tola.

Thumb
Rupert Bunny - Eigniú Persephone, 1913

Dlí na hÉireann

In Éirinn, tá an choir seo sainmhínithe de réir dhá acht dlí, an tAcht um an Dlí Coiriúil (Éigniú) ón mbliain 1981 agus an leasú a cuireadh leis an acht sin sa bhliain 1990.

De réir dhlí na hÉireann, má théann an fear chun comhriachtana le bean in aghaidh a tola, ionas go bhfuil a fhios ag an bhfear nach bhfuil sí toilteanach, nó más cuma leis an bhfear faoi thoil na mná, beidh sé ciontach in éigniú.

Thumb
Peter Paul Rubens, Éigniú Iníocha Leucippus, 1617

Nuair a rachaidh an scéal chun na cúirte, caithfidh baill an ghiúiré a marana a dhéanamh ar an gceist, an raibh cúis réasúnta ag an bhfear a shíleadh go raibh an bhean sásta luí leis. Is é an pionós is airde is féidir a ghearradh don éigneoir in Éirinn ná príosúnacht saoil.

An duine a chuidigh leis an gciontóir éigniú a dhéanamh, is féidir é a chiontú i neartú le héigniú, agus an fear a d'fhéach le bean a éigniú cé nár éirigh leis, is féidir é a chiontú in iarracht ar éigniú.

Remove ads

Cuntais finné súl

Féach freisin

Naisc sheachtracha

  • Cuireann Cabhair Éigeandála um Éigniú[2] seirbhís saor in aisce rúnda éisteachta agus tacaíochta ar fáil do mhná agus d’fhir a ndearnadh éigniú, ionsaí gnéis nó ciapadh gnéis orthu nó ar baineadh mí-úsáid ghnéasach astu ag aon tráth ina saol. Is í an Líne Chabhrach Náisiúnta 1800 778 888 agus tá sí ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain Tá Seirbhís Ateangaireachta Líne Chabhrach Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú (DRCC) ar fáil ó Luan go hAoine, ó 8am go 6.30pm, srl[2]
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads