Alison Spittle

fuirseoir, scríbhneoir, agus aisteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Alison Spittle
Remove ads

Is fuirseoir, scríbhneoir grinn, léiritheoir raidió agus aisteoir Éireannach í Alison Spittle.[1] D'oibrigh sí do iRadio, RTÉ Raidió 1 agus Newstalk agus chruthaigh sí sceitsí do Republic of Telly. Bhí sí ina scríbhneoir agus príomhaisteoir do dhráma grinn suímh ag RTÉ Two Nowhere Fast i 2017.[2] Is í an t-óstach agus cruthaitheoir an podchraolta The Alison Spittle Show, atá á óstáil ag headstuff.org.[3][4][5][6]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Laethanta a hÓige

Rugadh Spittle in Harrow, Londain. Ba thógálaí é a hathair. Bhog a teaghlach go dtí áiteanna eile go minic, Dresden sa Ghearmáin, áit dúchais a mháthair - Contae na hIarmhí, Bealach an Tirialaigh, agus an Muileann gCearr san áireamh. Faoi dheireadh, bhog siad go dtí an Bhaile Mhóir nuair a bhí sí 8 mbliana d'aois. D'fhreastail sí ar mheánscoil i mBaile Átha Luain.

Gairm

Thumb
Alison Spittle leis an TD Mary Lou McDonald ag an bhféile Pride i mBaile Átha Cliath, 2017

Bhain sé a céim amach ó choláiste i mBaile Átha Cliath, agus ansin bhog sí ar ais go dtí na hIarmhí, áit ar oibrigh sí mar thaighdeoir do iRadio leis an bhfear grinn Bernard O'Shea. Thosaigh sí ag obair mar fhuirseoir, ag tacaíocht PJ Gallagher. Mar thoradh ar sin, bhí sí ina rannpháirtí sna babhtaí Éireannaigh So You Think You're Funny, agus thuill sí spás sna babhtaí i nDún Éideann. Tugtar cuireadh di a bheith mar aoi ar an gcuid "Happy Hour" den John Murray Show ar RTÉ Radio 1 ón rath seo.

Bhí go leor seónna coiméide aici, Alison Spittle Needs an Agent, Alison Spittle Discovers Hawaii (2015), agus Worrier Princess (2017) ina measc.[7] D'oibrigh sí ag na Féilte Fringe in Dún Éideann agus i mBaile Átha Cliath, chomh maith leis an fhéile ceoil Forbidden Fruit, agus ag féilte ghrinn i gCorcaigh.[8][9]

Bhí Spittle mar scríbhneoir agus príomhaisteoir sceitsí ghréasáin RTÉ Two, agus mar aisteoir i sceitsí do Republic of Telly le Kevin McGahern. I 2014 ghlac Spittle páirt in eagrán píolótach den chlár RTÉ 2 Choose or Lose, seó painéal a bhí á óstáil ag Eoghan McDermott ó 2FM, le hiomaitheoirí Fred Cooke, Bryan Quinn, Keith Farnan, Aaron Heffernan agus Georgia Salpa.

Bhí sí ina rannpháirtí rialta ar The Right Hook le George Hook ar Newstalk.[10]

Nowhere Fast

Príomhalt: Nowhere Fast

I 2017, scríobh sí agus a páirtí Simon Mulholland an dráma grinn suímh Nowhere Fast.[2][11] Ba é Simon Gibney stiúrthóir an tsraith. Sa seó feictear Angela (rinne Spittle páirt an charachtair seo) ag bogadh ar ais go dtí Ballybeag i lár na tíre, tar éis a post a chailleadh ar sheó raidió i mBaile Átha Cliath i ndiaidh cás clúmhillte a bhí i mbéal an phobail. Thosaigh an tsraith i Samhain 2017, agus glacadh go maith leis ag léirmheastóirí agus lucht féachana go forleathan.[11][12]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads