An Astráil
tír san Aigéine From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan.



Remove ads
Tíreolaíocht
Tá beagnach leath na hAstráile ina fásach agus tá cuid mhaith den fhuílleach neamhthorthúil. Tír ársa shíonchaite atá i gceist, agus ní maith an fód atá ar an gcuid is mó di. Ní raibh ach 15% den talamh oiriúnach don fheirmeoireacht nuair a tháinig na hEorpaigh i ndeireadh an 18ú haois, agus ní bheadh ach 10% insaothraithe anois. San Oirthear atá an talamh is méithe agus an méid uisce is mó, ach rinne na chéad fheirmeoirí díobháil mhór don timpeallacht. Anois, áfach, tá feirmeoirí na hAstráile an-oilte ar thairbhe a bhaint as a gcuid talaimh.
Bhíodh coillte móra in oirdheisceart na tíre, ach leagadh an chuid ba mhó díobh sa 19ú haois. Crainn eocalaipe (a dtugtar crainn ghuma orthu) an cineál is coitianta, agus iad ag cur go maith le tír thirim agus le tinte coille. In oirthuaisceart na tíre tá iarsmaí na gcoillte fearthainne. Meastar gur fhág modhanna cliste dóiteáin na mBundúchasach rian buan ar leagan amach agus ar nádúr na gcoillte.
Tá aird ag an bpobal agus ag na polaiteoirí araon ar chúrsaí comhshaoil anois, ach is cosúil go mbeidh an tír thíos go mór leis an téamh domhanda, agus a laghad sin uisce ann.
Remove ads
Daonra na hAstráile
An as an 27.2 milliún a bhí ina gcónaí san Astráil in 2024, is ón iasacht 8.6 milliún.[1] Sin beagnach duine as gach triúr, 31.5% den iomlán.
As Sasana, India, an tSín agus an Nua-Shéalainn tromlach na ndaoine gallda sa tír, ach dúirt Biúró na Staitisticí in 2025 go raibh daoine a rugadh i mbeagnach gach tír ar domhan ina gcónaí san Astráil.[2] De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga.[3]
Remove ads
Stair na hAstráile
Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí.
Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.
Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas.
Rialtas na hAstráile
Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha.
Is í an monarc na Ríochta Aontaithe ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.
Féach freisin
- Réamhstair na hAstráile
- Stair na hAstráile
Stáit na hAstráile
Na Stáit
New South Wales, príomhchathair: Sydney
Queensland, príomhchathair: Brisbane
An Astráil Theas, príomhchathair: Adelaide
An Tasmáin, príomhchathair: Hobart
Victoria, príomhchathair: Melbourne
An Astráil Thiar, príomhchathair: Perth
Na Críocha Intíre
Críocha an Tuaiscirt, príomhchathair: Darwin
Críoch Phríomhchathair na hAstráile, príomhchathair: Canberra
Leabhair
- Denoon, Donald, et al. (2000). A History of Australia, New Zealand, and the Pacific. Oxford: Blackwell. ISBN 0-631-17962-3
- Macintyre, Stuart (2000). A Concise History of Australia. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-62359-6.
Naisc sheachtracha
- About Australia Curtha i gcartlann 2014-12-31 ar an Wayback Machine ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
- Governments of Australia Entry Point (Federal, State & Territory)
- Australia UCB Libraries GovPubs
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads