An Bhoirinn
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ceantar in iarthuaisceart Chontae an Chláir í an Bhoirinn[1] (litriú malartach an Bhoireann). Tá sí 300 ciliméadar cearnaithe ar leithead. Tá cáil ar an dúiche mar gur d'aolchloch maol atá sí déanta don chuid is mó. Tá sé seo i bhfoirm carst, agus é gaolta leis na leaca aolchloiche in Oileáin Árann amach ó chósta na Boirne. Ciallaíonn an focal boireann tírdhreach clochach, carstach. Tá saibhreas dúlra sa Bhoirinn, agus plandaí na Meánmhara, Na nAlp agus an Artaigh ann nach bhfaightear in aon cheantar eile in Éirinn.
Tá pluaiseanna an Aill Bhuí sa cheantar, agus tagann na mílte chuile bhliain ar cuairt orthu.
Remove ads
Clinteanna agus Gríoga

Tugtar gríoga ar na scáintí (nó creabháis) sa phábháil aolchloiche a chruthaítear idir bloic aolchloiche ar a dtugtar clinteanna. Sampla amháin iad gríoga den iomad gnéithe carst nó boirne a chruthaítear nuair a thuaslagann uisce báistí an aolchloch.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads