An Chrimé

phoblacht ar chósta thuaidh na Mara Duibhe From Wikipedia, the free encyclopedia

An Chrimé
Remove ads

Is poblacht fhéinrialaitheach de chuid na hÚcráine í an Chrimé. Tá an phoblacht suite i leithinis na Crimé ar chósta thuaidh na Mara Duibhe.

Fíricí Gasta Suíomh, Críoch á éileamh ag ...

Is iomaí treibh a ghabh is a d'athghabh an Chrimé i rith na staire. Ina measc siúd, bhí na Gréagaigh, na Gotaigh, na hIaránaigh, na Hunaigh, na Casáraigh, Rúisigh Chív, na Biosantaigh, na Cipseácaigh, agus na Mongólaigh. Ceann de na ríochtaí ba thábhachtaí i stair na Crimé ab ea Cánacht na Crimé. Ina dhiaidh sin, thit an leithinis le himpireacht na Tuirce, agus san ochtú haois déag, shealbhaigh Impireacht na Rúise í. Ní ba déanaí, tháinig an tAontas Sóivéadach in áit na Rúise Impiriúla, agus nuair a bhain na poblachtaí Sóivéadacha amach a neamhspleáchas, b'í Poblacht na hÚcráine a choinnigh an Chrimé.

Is iad na Tataraigh Chriméacha muintir dhúchasach na Crimé, ach inniu, is mionlach beag iad: Tataraigh iad 13 % de dhaonra na poblachta féinrialaithí. Nuair a bhí Stailín ag rialú an Aontais Shóivéadaigh, ruaigeadh na Tataraigh Chriméacha ar fad go dtí an Chasacstáin, agus níor tháinig siad ar ais ach le déanaí.

Is í an Úcráinis an teanga oifigiúil, ach is tromlach iad na Rúisigh sa phoblacht, agus cé go bhfuil scéimeanna athbheochana Úcráinise á gcur chun cinn sa Chrimé, dealraíonn sé nach bhfuil fonn ar bith ar na Rúisigh malairt teanga a tharraingt orthu féin. Mar sin, is í an Rúisis caint na sráide i gcónaí. Is iomaí Úcráineach eitneach a bhfuil a chuid Rúisise níos líofa ná a chuid Úcráinise, agus de réir an daonáirimh, tá an Tatairis Chriméach féin níos coitianta mar theanga dhúchais sa Chrimé ná an Úcráinis.

Remove ads

Tíreolaíocht

  • Achar: 26,100 km²
  • Teorainneacha:
  • An ball is airde: Sliabh Roman-Kosh 1,545 m

Na hAonaid Riaracháin

Thumb
Léarscáil an réigiúin i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé.

Tá an phoblacht roinnte ina 25 réigiún.

Réigiúin

1. Bakhchisarayskyi
2. Bilohirskyi
3. Dzhankoiskyi
4. Kirovskyi
5. Krasnohvardiyskyi
6. Krasnoperekopskyi
7. Leninskyi
8. Nizhnohirskyi
9. Pervomaiskyi
10. Rozdolnenskyi
11. Sakskyi
12. Simferopolskyi
13. Sovetskyi
14. Chornomorskyi

Bardais (Cathracha)

15. Bardas Alushta
16. Bardas Armyansk
17. Bardas Dzhankoy
18. Bardas Eupatoria
19. Bardas Kerch
20. Bardas Krasnoperekopsk
21. Bardas Shaky
22. Bardas Shimferopol
23. Bardas Shudak
24. Bardas Fheodosiya
25. Bardas Yalta
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads