An Mhonacais
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is í an Mhonacais (nó Munegascu, mar a deir lucht a labhartha féin) teanga dhúchasach mhuintir Mhonacó. Teanga Rómánsach í, agus is féidir a rá gurb ionann í, a bheag nó a mhór, agus an chanúint a labhraítear i Genova san Iodáil. Ní hí an Mhonacais teanga oifigiúil Mhonacó, nó is easaoránaigh ón bhFrainc iad formhór mór na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i Monacó, agus mar sin, is í an Fhraincis teanga oifigiúil an stáit. Mar sin féin, táthar ag iarraidh an tseanteanga a choinneáil beo sna scoileanna, agus bíonn sí le feiceáil go poiblí in áiteanna i Monacó.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads