An Tuircméanastáin

tír i lár na hÁise From Wikipedia, the free encyclopedia

An Tuircméanastáin
Remove ads

Poblacht iar-Shóivéadach i lár na hÁise is ea an Tuircméanastáin. Tá sí teorantach leis An Úisbéiceastáin, an Chasacstáin, An Afganastáin, agus An Iaráin. Cosúil leis an chuid is mó de na poblachtaí iar-Shóivéadacha i lár na hÁise, labhraítear teanga Thuirceach inti, teanga a glaotar Tuircméanis.

Fíricí Gasta Aintiún, Suíomh ...
Thumb
Sendar Berdymukhammedov agus Vladiimir Putin
Thumb
Pálás in Ashgabat

Ar nós poblachtaí iar-Shóivéadacha eile, bhain an Tuircméanastáin amach a neamhspleáchas sa bhliain 1991 ón Aontas Sóivéadach. Bhí ceannaire ón am Sóivéadach, Saparmurat Niyazov, nó Turkmenbashi (sé sin Athair na Turcaigh) uachtarán na tíre go dtí mí na Nollaig 2006 nuair a fuair sé bás go tobann.

Bhuaigh Gerbanguly Berdymukhammedov toghchán uachtaránachta i Feabhra 2007. D'éirigh sé "Cathaoirleach" sa bhliain 2022, agus tá a mhac, Sendar Berdymukhammedov [1] ann mar uachtarán (nó deachtóir) ó shin. ‘Tír d’aon fhear amháin’ a chuala tabhartha uirthi agus is fíor. Tá Ashkhabad, an chathair mar a maireann an tUachtarán Serder Berdimuhamedow chomh glan le scilling. Dh’íosfá do chuid bídh den mbóthar ann. Sí an chathair is mó marmair ar domhan í, é beirthe isteach ón Spáinn is ón Iodáil ar an airgead a deintear as an ngás nádúrtha ar fad atá sa tír.[2]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads