An Ungáir
tír i lár na hEorpa From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Tír thalamhiata i lár na hEorpa is ea an Ungáir (Ungáiris: Magyarország) agus teorainneacha aici leis an Ostair, an tSlóvaic, an Úcráin, an Rómáin, an tSeirbia, an Chróit agus an tSlóivéin. Maigiaraigh a thugann na hUngáraigh orthu féin, agus is é an t-ainm seo is bun le hainm na tíre féin san Ungáiris agus ina lán teangacha eile sa réigiún.
Remove ads
Tíreolas
Is tír cothrom den chuid is mó an Ungáir, agus mar sin is féidir talmhaíocht torthúil ar fad na tíre. Cludaíonn talamh curaíochta 49.58% dá hachar, cuid ard ar ghualainn tíortha eile.[1]
Sníonn an abhainn Danóibe tríd an tír, agus tríd an bpríomhchathair, Búdaipeist, agus í dá roinnt ina dá cuid, Búda ar an dtaobh thiar, agus Peist ar an dtaobh thoir. Is iad Debrecen, san oirthear, agus Szeged, sa deisceart, an dá chathair is mó tar éis Bhúdaipeist.

Remove ads
Stair
- Is éard a bhí i gceist leis an Ostair-Ungáir, nó Impireacht na hOstaire is na hUngáire, ná an t-aontas bunreachtúil monarcach i lár na hEorpa a tháinig ar an bhfód de thoradh an Ausgleich, nó Comhréiteach na bliana 1867.
- Éirí amach ar fud na tíre i gcoinne rialtas Daon-Phoblacht na hUngáire agus a bpolasaithe a chuir na Sóivéidí i bhfeidhm ab ea an Réabhlóid na hUngáire 1956.
Eacnamaíocht
Úsáidtear an forint mar airgeadra san Ungáir. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hUngáire an 60ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 58ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 48ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ungáir, é ar $28,910 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ungáir an 30ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 18ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ungáir an 69ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí na Bealtaine 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.4%, an ceathrú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads