An tSeirbis

From Wikipedia, the free encyclopedia

An tSeirbis
Remove ads

Is í an tSeirbis teanga oifigiúil na Seirbia. Go bunúsach, is leagan den tSeirbea-Chróitis í, agus í bunaithe ar an gcanúint štokavski, chomh maith leis an Bhoisnis agus an Chróitis chaighdeánaithe agus tríd is tríd, tá sí intuigthe ag lucht a labhartha siúd. Is é an leagan ekavski den teanga a úsáidtear, is é sin, scríobhtar agus labhraítear e sna focail ina raibh an t-[æ] fada sa tSean-Slaivis Eaglasta. Tá an tSeirbis go háirithe bunaithe ar na canúintí mór thimpeall ar Šumadija-Vóvaidín agus Oithear na Heirseagaivéine. Labhraítear an leagan Torlak in oirdheisceart na Seirbia, ach níl caighdeán aici agus tá sí mar fhoirm idirchriosach idir an tSeirbis agus an Mhacadóinis agus an Bhulgáiris. Scríobhtar í le cló Coireallach ach díog ar ndíog tá an cló Laidineach in úsáid go háirithe i measc na ndaoine óga.

Fíricí Gasta српски језик, srpski jezik, српски‎ agus српски, Cineál ...
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads