Andrew Simpson

seoltóir Briotanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Andrew Simpson
Remove ads

Is seoltóir é Andrew Simpson. Bhuaigh sé bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha in Beijing 2008. Fuair sé bás nuair a ghlac sé páirt i gcraobh Mheiriceá agus d'iompaigh an bád.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Thosaigh Andrew Simpson ag seoltóireacht san aicme Laser sula ndeachaigh sé leis an aicme Finn, aicme níos troime. Sa bhliain 2003, fuair sé bonn cré-umha san ISAF Seoltóir comórtas an Domhain. Ansin, bog sé go dtí an aicme Star. Bhí Ian Percy an páirtí do Andrew. Chuaigh siad go dtí na Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 2008. Bhuaigh siad bonn óir.

Sa bhliain 2009, d'éirigh sé ina bhall d'Ord Impireacht na Breataine.

Ina dhiaidh sin, phioc Team Artemis Racing Percy agus Simpson chun glacadh páirt i gcraobh Meiriceá, an comórtas is fearr sa tseoltóireacht. Bhí sé ag traenáil an t-am ar fad.

Ar 9ú Bealtaine 2013, fuair Andrew bás nuair a d'iompaigh an bád nócha troigh, snáithín carbóin, ró-tapa. Rinne foireann ón nGárda Cósta iarracht é a athbheochan, ach ní raibh siad in ann.

Tar éis a bháis, d'éirigh daoine buartha faoi shábháilteacht na mbád, go háirithe mar a d'iompaigh an Team ORACLE an tseachtain roimhe sin, cé nár gortaíodh éinne sa timpiste úd.

Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads