Arne Garborg
scríbhneoir Ioruach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Prós-scríbhneoir agus údar aistí ón Iorua ab ea Arne Garborg, agus é ar thús cadhnaíochta ag úsáid an leagan Nynorsk den teanga Ioruaise. Rugadh ar an 25 Eanáir 1851 in Jæren i gcúige Rogaland é, agus fuair sé bás ar an 14 Eanáir 1924 in Asker i gcúige Akershus (inniu, i gcúige Viken). Is é an saothar is tábhachtaí dá tháinig óna pheann ná an t-úrscéal Bondestudentar ("Mic Léinn ón Tuath"). Bhunaigh sé roinnt irisí lena chuid smaointí faoi thábhacht na teanga Nynorsk a chraobhscaoileadh agus leis an teanga féin a chur chun cinn. Thairis sin d'oibrigh seisean agus an teangeolaí Rasmus Flo amach a leagan féin de cheartlitriú an Nynorsk, Midlandsnormalen nó "Caighdeán Lár na Tíre". Sa chaighdeán sin a chuaigh na leaganacha deifnideacha de shaothar Garborg i gcló.
Ainmníodh é do Dhuais Nobel sa Litríocht sé huaire.[1]
Remove ads
Leabharliosta

- Ein Fritenkjar (1878)
- Bondestudentar (1883)
- Forteljingar og Sogar (1884)
- Mannfolk (1886)
- Uforsonlige (1888)
- Hjaa ho Mor (1890)
- Kolbotnbrev (1890) (Litreacha)
- Trætte Mænd (1891) (foilsithe i mBéarla mar Tired Men nó Weary Men)
- Fred (1892) (foilsithe i mBéarla mar Peace)
- Jonas Lie. En Udviklingshistorie (1893)
- Haugtussa (1895) (Filíocht)
- Læraren (1896)
- Den burtkomme Faderen (1899) (foilsithe i mBéarla mar The Lost Father)
- I Helheim (1901)
- Knudahei-brev (1904) (Litreacha)
- Jesus Messias (1906)
- Heimkomin Son (1906)
- Dagbok 1905–1923 (1925–1927) (Dialann)
- Tankar og utsyn (1950) (Aistí)
Remove ads
Athfhriotail
"Deirtear gur féidir leat gach rud a bheith agat le hairgead, ach ní féidir leat. Is féidir leat bia a cheannach, ach ní goile; leigheas ach ní sláinte; eolas ach ní eagna; gealra, ach ní áilleacht; spraoi, ach ní lúcháir; lucht aitheantais, ach ní cairde; seirbhísigh, ach ní dílseacht; fóillíocht, ach ní síocháin. Is féidir leat crotal gach rud a bheith agat ar airgead, ach ní an eithne. "[2]
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads