Baile Átha Cliath Ráth an Dúin (Dáilcheantar)

toghcheantar Dháil Éireann (2016–) From Wikipedia, the free encyclopedia

Baile Átha Cliath Ráth an Dúin (Dáilcheantar)
Remove ads

Is Dáilcheantar 4 suíochán (ó 2024) é Baile Átha Cliath Ráth an Dúin. Fine Gael an páirtí is láidre sa dáilcheantar meánaicmeach seo.

Thumb
Thumb
Josepha Madigan, 2017
Fíricí Gasta Suíomh, Sonraí stairiúla ...

Toghcháin

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Catherine Martin (Comhaontas Glas), Shane Ross (Neamhspleách) agus Josepha Madigan (FG). Theip ar Alan Shatter, Alex White, Mary White agus Peter Mathews.

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Neale Richmond (Fine Gael), Catherine Martin (Comhaontas Glas), agus Josepha Madigan (FG). Bhí Catherine Martin (CG) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 8,958 vóta, agus ba ise an chéad duine a toghadh. Thóg Fine Gael dhá shuíochán le 31% den vóta in 2020 ... i ndáilcheantar 3 shuíochán ag an am.

Fuair Shay Brennan 4,549 vóta d’Fhianna Fáil san olltoghchán in 2020 ach chaill sé amach ar suíochán le 400 vóta. Toghadh é ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire sna toghcháin áitiúla 2024 le 1,612 vóta. Bhíodh suíochán Dála ag a athair roimhe, an t-iar-aire Séamas Brennan.[1]

Sna toghcháin áitiúla 2024, bhí 31% den vóta ag iarrthóirí Fhine Gael agus 12% ag iarrthóirí Fhianna Fáil; 10% ag an Lucht Oibre agus 9% ag an gComhaontas Glas. Ní raibh mórán tacaíochta ag Sinn Féin sa Dáilcheantar, 5% sna toghcháin áitiúla.

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí ceantracha meánaicmeacha aistrithe ó Dhún Laoghaire isteach sa toghcheantar ó 2020 agus suíochán breise le líonadh dá bharr. Bhí cúigear déag iarrthóirí san iomaíocht, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: an tAire Catherine Martin (CG) agus Neale Richmond (FG). Ní raibh Josepha Madigan (FG), a toghadh in 2020, san iomaíocht; sheas iarrthóir eile ag Fine Gael ag seasamh ina háit, an Comhairleoir Maeve O’Connell.[1]

Sheas an iar-Aire de chuid Fhine Gael, Alan Shatter, mar iarrthóir neamhspleách san Olltoghchán 2024. Bhí sé san iomaíocht ag iarraidh go gcuirfí deireadh le cáin oidhreachta, éileamh a bhí an-tarraingteach sa dáilcheantar Ráth an Dúin, saibhir.[2]

Toghadh Sinéad Gibney (DS), Neale Richmond (FG), Maeve O'Connell (FG) agus Shay Brennan (FF).

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads