Baile Átha Cliath Theas-Lár (Dáilcheantar)
Baile Átha Cliath Theas (1948–) From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Baile Átha Cliath Lár-Dheisceart.



Toghcháin
Olltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Catherine Byrne (Fine Gael), Bríd Smith (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus Joan Collins (Independents 4 Change nó Right to Change). Theip ar Eric Byrne (LO) agus Catherine Ardagh (FF).

Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Patrick Costello (CG), Bríd Smith (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus Joan Collins (Independents 4 Change). Bhí Aengus Ó Snodaigh (SF), urlabhraí Gaeilge a pháirtí, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 17,015 vóta, beagnach dhá chuóta, ach ní raibh ag Sinn Féin ach an t-aon iarrthóir amháin, bainistiú mí-éifeachtach ag an am. Bríd Smith (PsB) agus Joan Collins (R2Ch) is mó a fuair vótaí aistrithe uaidh agus toghadh an bheirt acu, a bhuíochas do Shinn Féin. Theip ar Catherine Ardagh (FF) aon uair amháin eile.[1]
Sna toghcháin áitiúla 2024 ní mórán tacaíochta a bhí ag iarrthóirí Fhianna Fáil (8%) ná ag iarrthóirí Fhine Gael (4%) sa gceantar i gcomparáid le 18% ag iarrthóirí ó Shinn Féin; 5% araon ag an Lucht Oibre agus 8% ag an gComhaontas Glas. Bhí 22% ag iarrthóirí eile ar an eite chlé.[1]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, sheas ochtar déag iarrthóirí, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Aengus Ó Snodaigh (SF), Joan Collins (R2Ch) agus Patrick Costello (CG). D'éirigh Bríd Smith (PsB) as: ina háit bhí Hazel de Nortúin[2] (PsB agjs cainteoir Gaeilge).[1]
Toghadh Catherine Ardagh (FF) ar dtús in 2024. Ansin toghadh Ó Snodaigh, a chomhghleacaí ó Shinn Féin Máire Devine, agus Jen Cummins ó na Daonlathaithe Sóisialta ar an 15ú comhaireamh gan an cuóta a bhaint amach.[3]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads