Beyoncé Knowles

amhránaí agus ban-aisteoir Meiriceánach (rugadh 1981) From Wikipedia, the free encyclopedia

Beyoncé Knowles
Remove ads

Is ceoltóir pop agus R&G, scríbhneoir amhrán agus ban-aisteoir í Beyoncé Giselle Knowles (a rugadh in Houston, Texas, SAM ar an 4 Meán Fómhair, 1981), ar a dtugtar Beyoncé go gairmiúil.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Tháinig rath uirthi i dtosach nuair a bhí sí leis an ngrúpa ceoil Destiny's Child. Tá clú uirthi mar gheall ar a cuid scríbhneoireachta amhrán agus meastar go bhfuil buanna éagsúla go leor aici.

Phós sí an ceoltóir Jay-Z sa bhliain 2008. Tá iníon (Blue Ivy) agus cúpla (Rumi agus Sir) acu.

Remove ads

Saol agus gairme

1981–1996: Luathshaol agus Tús Gairme

Rugadh Beyoncé Giselle Knowles ar an 4 Meán Fómhair 1981 in Houston, Texas do Tina Knowles (a rugadh Célestine Ann Beyoncé ar an 4 Eanáir 1954) agus Mathew Knowles.[1] Tá oidhreacht Chriólach, Fhrancach, Afracach-Mheiriceánach, Cheanadach-Francach, Éireannach, Bheilgeach, agus Bhriotánach aici. Tá deirfiúr níos óige aici darb ainm Solange Knowles. Is amhránaí í Solange Knowles, deirfiúr níos óige Beyoncé, agus iar-dhamhsóir cúltaca do Destiny's Child. Is iad Solange agus Beyoncé na chéad deirfiúracha a raibh albam aonair uimhir a haon acu araon. Bhí a máthair, Tina, ina gruagaire a raibh a sciamhlann féin aici.[2] Bhí seantuismitheoirí Beyoncé ar thaobh a máthar, Lumis Albert Beyincé agus Agnéz Deréon, ina gCrióil Fhrancacha ó New Iberia, Louisiana. Rugadh an ceathrú sin-seanmháthair Beyoncé, Marie-Françoise Trahan, sa bhliain 1774 i mBangor, Belle Île, sa Bhriotáin. Is de shliocht an cheannaire Cheanadach-Francaigh Joseph Broussard í freisin, a threoraigh Caitlicigh as Albain Nua, Ceanada go Louisiana sa bhliain 1765.[3]

Fuarthas cumas amhránaíochta Beyoncé nuair a thosaigh an teagascóir rince Darlette Johnson ag canadh amhrán agus d’éirigh le Beyoncé é a chur i gcrích. In ocht mbliana d'aois bhí Beyoncé agus a cara Kelly Rowland ag éisteacht le haghaidh Girl's Tyme. Mar thoradh air seo níos déanaí tháinig forbairt ar an ngrúpa ceoil cailíní Destiny's Child.[4]


Remove ads

Dioscliosta

Albaim Stiúideo
Ceirníní Leathfhada
Albaim Beo
  • Live at Wembley (2004)
  • The Beyoncé Experience Live (2007)
  • I Am... Yours: An Intimate Performance at Wynn Las Vegas (2009)
  • I Am... World Tour (2010)
Fuaimrianta
  • The Best Man (1999)
  • Austin Powers in Goldmember (2002)
  • Bad Boys II (soundtrack) (2003)
  • The Fighting Temptations (2003)
  • Dreamgirls: Music from the Motion Picture (2006)
Albaim Díolama
  • Dangerously in Love / Live at Wembley (2008)
  • Above and Beyoncé: Video Collection & Dance Mixes (2009)
Leagtha Bosca
  • Beyoncé: Platinum Edition (2014)
Scaoileadh Eile
  • True Star: A Private Performance (2004)
  • Speak My Mind (2005)
  • Beyoncé Karaoke Hits, Vol. I (2008)
  • Live in Vegas Instrumentals (2010)
  • Heat (2011)
Remove ads

Camchuairteanna

Príomh-Chamchuairteanna

  • Dangerously in Love Tour (2003)
  • The Beyoncé Experience (2007)
  • I Am... World Tour (2009–10)
  • The Mrs. Carter Show World Tour (2013–14)
  • The Formation World Tour (2016)

Comhpríómh-Chamchuairtenna

  • Verizon Ladies First Tour (le Alicia Keys agus Missy Elliott) (2004)
  • On the Run Tour (le Jay-Z) (2014)

Séonna Rialta

  • I Am... Yours (2009)
  • 4 Intimate Nights with Beyoncé (2011)
  • Revel Presents: Beyoncé Live (2012)

Scannánliosta

Tuilleadh eolais Bliain, Scannán ...
Remove ads

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads